Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Is Tábhachtaí Fáistine ná Teangacha

1. Saothraígí an grá mar sin ach bíodh dúil agaibh sna tíolacthaí spioradálta chomh maith agus go mór mór san fháidheoireacht.

2. Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda.

3. An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, á neartú, á spreagadh agus á misniú.

4. An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais.

5. Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach b'fhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú d'fhonn treisiú leis an eaglais.

6. Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh?

7. Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?

8. Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha?

9. Sibhse mar an gcéanna, mura labhraíonn sibh go soiléir sa teanga, conas a thuigfear a mbeidh á rá? Ag caint san aer a bheidh sibh.

10. Is iomaí sin teanga difriúil sa domhan agus gan aon cheann acu gan bhrí.

11. Ach mura dtuigimse ciall na cainte beidh mé i mo choimhthíoch don chainteoir agus beidh an cainteoir ina choimhthíoch domsa.

12. Sibhse mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais.

13. An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú.

14. Má dhéanaimse guí i dteanga is é mo spiorad a bhíonn ag guí ach bíonn m'intleacht seasc.

15. Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le m'intleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le m'intleacht chomh maith.

16. Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine “Amen” le d'altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá?

17. Bíodh féin go bhfuil d'altú ar fheabhas, ní aon tairbhe den fhear thall é.

18. A bhuí le Dia gur mó a labhraím féin i dteangacha ná duine ar bith agaibh,

19. ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.

20. A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.

21. Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n‑allúrach agus trí bheola na n‑eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”

22. Dá réir sin is comhartha na teangacha, ní do na creidmhigh ach do na díchreidmhigh; ach is do na creidmhigh is comhartha an fháidheoireacht agus ní do na díchreidmhigh.

23. Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh?

24. Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé á chiontú ag gach duine agus á mheas ag gach duine.

25. Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre.

Ord agus Eagar ag na Cruinnithe

26. Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar.

27. Má dhéantar caint i dteanga, ná labhraíodh ach beirt nó triúr ar a mhéad, gach duine acu ar a sheal féin agus bíodh duine amháin ag míniú na cainte.

28. Más rud é nach mbíonn aon duine ann a mhíneodh an chaint, fanadh gach duine ina thost san eaglais agus bíodh an chaint idir é féin agus Dia.

29. Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar beirt nó triúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas.

30. Ach má fhaigheann duine eile foilsiú agus é ina shuí, bíodh an chéad duine ina thost;

31. mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh.

32. Tá tíolacthaí spioradálta na bhfáithe faoi stiúir na bhfáithe féin,

33. mar ní Dia an imris é Dia ach Dia na síochána.Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh,

34. fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí.

35. Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais.

36. An amach uaibhse a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé?

37. Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.

38. Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air.

39. Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha.

40. Ach déantar gach ní go cuí agus de réir oird.