Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bailiúchán do Chríostaithe Iarúsailéim

1. Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé d'eaglaisí na Galaite.

2. Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.

3. Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas.

4. Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siadsan le mo chois.

An Turas atá Beartaithe

5. Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt - mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé -

6. agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad b'fhéidir, agus ansin féadfaidh sibhse mé a thionlacan cibé bealach a ghabhfaidh mé.

7. Níor mhaith liom gan ach cuairt reatha a thabhairt oraibh. Tá súil agam tamall maith a thabhairt libh más toil leis an Tiarna é.

8. Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís,

9. mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre - agus tá naimhde go leor agam.

10. Má thagann Tiomóid féachaigí chuige go gcuirfidh sibh ar a shuaimhneas é in bhur measc mar is é obair an Tiarna atá sé a dhéanamh ar mo dhála féin.

11. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.

12. Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.

13. Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.

14. Gach ní dá ndéanann sibh, déanaigí le grá é.

Achainí

15. Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.

16. Bígí géilliúil dá leithéidí sin agus don uile dhuine atá ag obair agus ag saothrú leo.

17. Tá áthas orm Stiofán agus Fortúnátas agus Acháiacas a bheith tagtha anseo. In bhur n‑éagmais-se ba mhór an sásamh dom iad a theacht,

18. mar chuir siad m'aigne chun suaimhnis, agus bhur n‑aignese chomh maith. Bíodh meas agaibh ar a leithéidí sin.

Beannachtaí

19. Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acula agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu.

20. Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa.

21. Tá mo bheannachtsa á scríobh agam le mo lámh féin - Pól.

22. Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna].

23. Grásta an Tiarna Íosa libh

24. agus mo ghrá-sa libh uile i gCríost Íosa. Amen.