Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Pósadh

1. Maidir leis na nithe ar scríobh sibh ina dtaobh: sea, b'fhearr d'fhear gan baint le bean;

2. ach le heagla na drúise bíodh a bhean féin ag gach fear agus bíodh a fear féin ag gach bean.

3. Tugadh an fear a cearta pósta dá bhean agus tugadh an bhean mar an gcéanna a chearta dá fear.

4. Mar ní ag an mbean atá ceannas ar a corp féin ach ag a fear; agus an fear mar an gcéanna, ní aige atá ceannas ar a chorp ach ag an mbean.

5. Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.

6. Is mar chomhairle a deirim an méid sin, áfach, agus ní mar ordú.

7. Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd.

8. Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb'fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.

9. Ach mura mbíonn guaim acu orthu féin pósaidís, mar is fearr pósadh ná loscadh.

10. Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: ná tréigeadh bean a fear céile -

11. ach má thréigeann fanadh sí gan pósadh nó déanadh sí mór arís leis - agus ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh.

12. Deirim an méid seo leis an gcuid eile - is uaim féin é agus ní ón Tiarna - an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.

13. Agus an bhean a bhfuil díchreidmheach fir aici agus é sásta cónaí léi, ná scaoileadh sí uaithi é.

14. Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamhghlan - ach tá siad naofa dáiríre.

15. Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.

16. Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú d'fhear céile? Agus cá bhfios duitse, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean?

Fanaimis mar a Bhíomar

17. Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.

18. Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeallghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é.

19. Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.

20. Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air.

21. An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit - ach más féidir duit dul saor, b'fhearr duit an deis a ghlacadh.

22. An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.

23. Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine.

24. Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao.

Maighdeana agus Baintreacha

25. Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.

26. Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb'fhearr do dhuine fanacht mar atá sé.

27. Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh.

28. Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.

29. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu;

30. bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.

31. Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

32. Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh;

33. ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás.

34. Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d'fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.

35. Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.

36. Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é.

37. Ar an taobh eile, áfach, an fear atá daingean diongbháilte ina chroí, agus gan aon iallach air ach é ar a chomhairle féin, agus a shocraíonn ina aigne ar a iníon a choinneáil mar atá sí, beidh rud maith déanta aige.

38. Más ea, an fear a chuireann a iníon i gcrích, beidh rud maith déanta aige ach an fear nach ndéanann, beidh rud is fearr fós déanta aige sin.

39. Bíonn ceangal ar bhean fad a mhaireann a fear; ach má chailltear an fear, níl a bhac uirthi a rogha duine a phósadh - ach é a bheith ina phósadh sa Tiarna.

40. Is sonasaí a bheidh sí, áfach, i mo thuairimse, má fhanann sí mar atá sí; agus is dóigh liom go bhfuil Spiorad Dé agamsa chomh maith.