Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rabhadh faoin Íoladhradh

1. Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir,

2. agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois.

3. Chaith siad uile an bia spioradálta céanna

4. agus d'ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint - agus ba é Críost an charraig sin.

5. Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhór agus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach.

6. Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd.

7. Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus d'éirigh siad suas chun spóirt.”

8. Agus ná déanaimis drúise faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur thit in aon lá amháin trí mhíle ar fhichid acu.

9. Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.

10. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.

11. Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n‑aoiseanna.

12. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.

13. Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.

14. Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t‑íoladhradh.

15. Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá:

16. Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t‑arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?

17. Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t‑aon arán amháin.

18. Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir?

19. Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear d'íola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol?

20. Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin.

21. Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.

22. An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?

23. “Tá gach ní ceadaithe.” Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach.

24. Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.

25. Aon ní a bhíonn á dhíol ar an margadh, ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa

26. mar “is le Dia an domhan agus a bhfuil ann”.

27. Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.

28. Má deir duine éigin libh áfach: “Is bia íobartha é seo,” ná caithígí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias -

29. ní hé do choinsias féin atá i gceist agam ach coinsias an fhir thall. Cén fáth a mbeadh mo shaoirse-sé á meas de réir choinsias duine eile?

30. Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím? 31 Dá bhrí sin cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t‑iomlán chun glóire Dé.

31. Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.

32. Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.