Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Beannú

1. Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom,

2. chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:

3. grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Buíochas

4. Bím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost.

5. Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas.

6. Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh

7. nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh.

8. Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.

9. Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.

Easaontas san Eaglais i gCorant

10. Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.

11. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile.

12. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”

13. An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh?

14. Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias.

15. Ní bheidh sé le rá ag aon duine, mar sin, gurb i m'ainmse a baisteadh sibh.

16. Sea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní eol dom gur bhaist mé duine ar bith eile.

17. Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.

Is é Críost Cumhacht agus Eagna Dé

18. Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.

19. Mar tá scríofa:“Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní;cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.”

20. Cá bhfuil an t‑eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d'eagna an tsaoil?

21. Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne.

22. Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”

23. ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;

24. ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.

25. Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.

26. Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal.

27. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.

28. Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní,

29. ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé.

30. Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.

31. Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”