Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Daortar Urchóid na dTiarnaí

1. Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib,a thaoiseacha theaghlach Iosrael!Nach é bhur ndualgas éeolas a bheith agaibh ar céard is ceart?

2. Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc,a stróiceann an craiceann de dhaoineagus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,

3. a alpann feoil mo phobail;is a bhaineann a gcraiceann díobh;a bhriseann a gcnámhaagus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcánnó mar chonablach i gcoire.

4. Éifidh siad ar an Tiarna an uair sinach ní thabharfaidh sé freagra orthu;folóidh sé a aghaidh orthude bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.

Daortar Saint na bhFáithe Mealltacha

5. Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithea chuireann mo phobal ar seachrán;fad a bhíonn rud éigin le cogaintacu fógraíonn siad síocháinach fearann siad cogadh naofa ar an ténach gcuireann dada ina mbéal.

6. Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh;ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh;clúdóidh an dorchadas sibhagus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta.Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáitheagus dorchóidh an lá orthu.

7. Ansin beidh náire ar na físitheagus ceann faoi ar an lucht fáistine.Clúdóidh siad a mbéalmar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.

8. Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht(agus de spiorad an Tiarna)agus de cheart agus de mhisneachchun a choir a thaispeáint do Iacóbagus a pheaca a léiriú do Iosrael.

Léirscriosfar Síón de bharr na hUasaicme

9. Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib,a thaoiseacha theaghlach Iosrael,a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart,a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,

10. a thógann Síón le fuilagus Iarúsailéim le héigeart.

11. De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas;múineann a sagairt ar thuarastalagus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal.Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarnaagus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc?Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

12. Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíónagus fothrach de Iarúsailéimagus ardán crannach de Shliabh an Teampaillmar gheall oraibhse.