Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Caoineadh an Fháidh

1. Mo léan! Táimse mar a bheinndá mbeadh na torthaí bailitheagus fómhar na bhfíniúna thart;níl caor ar bith le hitheagus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontuníl ceann díobh ar fáil níos mó.

2. Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír;níl aon fhear ionraic i measc an phobail;bíonn siad go léir in oirchill na folaagus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.

3. Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh;bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannachagus is féidir an breitheamh a cheannach le breabagus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin.Mo chreach! Camann siad an dlí.

4. Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu;is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu.Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teachtagus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.

5. Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana;ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde.Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.

6. Óir tugann an mac easonóir dá athairagus éiríonn an iníon suas in aghaidh a mátharagus an banchliamhain in aghaidh máthar a céileagus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.

7. Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoiragus éistfidh mo Dhia liom.

Dóchas d'Ainneoin Dóláis

8. Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.

9. Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna- mar pheacaigh mé ina choinne -go dtí go n‑agraíonn sé mo chúisagus go seasann sé ceart dom.Treoróidh sé mé chun an tsolaisagus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.

10. Feicfidh mo namhaid é seoagus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa:“Cá bhfuil do Dhia?”Bainfidh mé lán na súl aisti;gabhfar de chosa inti anoismar lathach na sráideanna.

Ré Nua Rathúnais

11. Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht;an lá sin leathnófar do chríocha.

12. An lá sin tiocfar chugatón Asaír go dtí an Éigipt,ón Tuír go dtí an Abhainn,ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.

13. Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáisde dheasca a ndrochghníomhartha.

Guí an Phobail

14. Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,an tréad atá ina oidhreacht agat,a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileádmar a mbídís san am fadó.

15. [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.

16. Feicfidh na náisiúin iadagus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.Cuirfidh siad a lámha lena mbéalagus beidh bodhaire ina gcluasa.

17. Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,ar nós péisteanna na talún.Tiocfaidh siad amach as a ndúntaagus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.

18. Cén Dia atá cosúil leatsa?Óir tógann tú peacaí chun siúilagus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta;ní buan í do chuid feirgeagus is áil leat an buanghrá.

19. Déanfaidh tú trócaire orainn arís;gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaíagus caithfidh tú ár gcionta go léiristeach i nduibheagán na farraige.

20. Léirigh do dhílseacht do Iacóbagus do bhuanghrá d'Abrahámfaoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.