Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Glóir Iosrael Nua

Síón, Lár na Ríochta Nua

1. Titfidh sé amach san am atá le teachtgo mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna airos cionn na sléibhteagus go dtógfar níos airde ná na cnoíc é.Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.

2. Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna,go teach Dhia Iacóib,chun go múine sé dúinn a shliteagus go siúlaimis a bhealaí.Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”

3. Beidh smacht aige ar na ciníochaagus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin,agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachtaagus a sleánna ina gcorráin.Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.

4. Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúinagus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.

5. Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidhin ainm a dhé féinach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.

Athchruinniú an Tréada Scaipthe

6. An lá sin - a deir an Tiarna,cruinneoidh mé na caoirigh bhacacha;baileoidh mé na cinn a ruaigeadh chun fáinagus na cinn ar thug mé drochíde dóibh.

7. Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agamagus déanfaidh mé náisiún láidirden mhuintir atá tuirseach traochta.Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíónas seo amach agus go deo.

8. Agus tusa, a thúir an tréada,a chnocáin iníon Shíón,tiocfaidh chugat ar aisan tiarnas a bhí agat tráthagus ríúlacht iníon Iarúsailéim.

An Deoraíocht Shlánaitheach

9. Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois?Nach bhfuil aon rí agat?An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoirsa chaoi gur ghabh arraingeacha thúmar bhean ina leaba luí seoil?

10. Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón,mar bhean ina leaba luí seoil.Óir beidh ort imeacht as an gcathair anoisagus cur fút faoin tuath.Rachaidh tú go dtí an Bhablóinach slánófar ann thú.Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thúó lámha do naimhde.

Satlóidh Síón ar a Naimhde

11. Tá a lán náisiúnag cruinniú le chéile i d'aghaidh anois.Deir siad: “Go dtruaillítear íionas go bhfeicfidh ár súile féin bascadh Shíón.

12. Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarnaagus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún;mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéilemar phunanna ar urlár buailte.

13. Éirigh, a iníon Shíón,agus déan an bualadh.Tabharfaidh mé adharca iarainnagus crúba cré-umha duitchun go mbascfaidh tú mórán ciníochaagus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarnaagus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.

Gradam an Rí a Éireoidh as Beithil

14. [Gearr thú féin anois, a iníon chogúil]táthar tar éis léigear a chur orainnagus breitheamh Iosraela bhualadh sa leiceann le slat.