Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Chúis in Aghaidh Iosrael

Aighneas idir an Tiarna agus Iosrael

1. Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna:Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte;cloiseadh na cnoic do ghuth.

2. Éistigí, a shléibhte,leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna;tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain.Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobailagus tá sé ag aighneas le hIosrael.

3. “A phobal liom, céard a rinne mé ort?Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort?Tabhair freagra orm.

4. Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú;mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse.Chuir mé Maois os do chionnagus Árón agus Miriám in éineacht leis.

5. Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb,agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór airagus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeálchun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”

6. “Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarnanó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe?An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóitenó le laonna aon bhliana?

7. Ar mhaith leis na mílte reithenó deich míle de shruthanna ola?An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta,toradh mo choirp in éiric peacaí m'anama?”

8. Míníodh duit, a dhuine, céard is maithagus céard a iarrann an Tiarna ort.Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh,buanghrá a chothúagus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.

Daortar Éigeart agus Caimiléireacht

9. Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair(is den chríonnacht d'ainm a eaglú).Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,

10. An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórachagus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?

11. An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairtar lucht na scálaí éagothromaagus an mhála de mheáchain mhealltacha?

12. a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigeanagus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag(is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).

13. Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadhagus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí.

14. Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agatagus beidh sceimhle ocrais i do ghoile.Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dadaagus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháilfágfaidh mise ag an gclaíomh é.

15. Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar;satlóidh tú caora olóigeach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche;pasálfaidh tú caora fíniúnaach ní ólfaidh tú braon den fhíon.

16. Choimeád tú reachtanna Omraíagus gnásanna uile theaghlach Achábagus is í a gcomhairle siúd a lean tú.Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díotagus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidhagus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.