Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo é gnás an íobairt chúitimh: Tá sí seo sárnaofa.

2. Maraítear íobarthach an chúitimh san áit ina maraítear na huileloiscthigh, agus croitear a chuid fola ar imill na haltóra.

3. Ofráladh an sagart a shaill go léir: an t‑eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair,

4. an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin;

5. dódh an sagart na píosaí sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Íobairt chúitimh í seo.

6. Is ceadmhach do gach fireannach sagairt í a ithe. Ní foláir í a ithe in áit naofa; tá sí sárnaofa.

7. Is é dála an íobairt pheaca é ag an íobairt chúitimh; is ionann gnás dóibh. An sagart a dhéanann leorghníomh léi, bíodh sí aige.

8. An sagart a ofrálann íobairt uileloiscthe ar son duine, bíodh seithe an íobarthaigh uileloiscthe a d'ofráil sé aige.

9. Gach abhlann a bácáladh i sorn, gach abhlann bruite ar ghrideall nó in oigheann, bíodh sí ag an sagart a ofrálann í.

10. Gach abhlann fuinte le hola, nó tur, bíodh sí ag clann Árón go léir gan idirdhealú.

An Íobairt Chomaoineach

11. Seo é gnás an íobairt chomaoineach le hofráil ag duine don Tiarna:

12. Má tá sí á hofráil le híobairt bhuíochais, ofráladh sé mar aon léi builíní slimaráin fuinte le hola, cácaí slime le hola leata orthu, agus cístí de phlúr mín fuinte go maith le hola.

13. Tá an ofráil seo le cur leis na builíní aráin ghabháilte agus leis an íobairt chomaoineach bhuíochais.

14. Tá ceann de na builíní as gach ofráil le cur i láthair an Tiarna mar íobairt; bíodh sin ag an sagart a chroith fuil an íobairt chomaoineach.

15. Feoil an íobarthaigh chomaoineach bhuíochais, itear í lá a hofrála; ná fágtar aon ruainne di go maidin.

16. Ach má bhíonn an t‑íobarthach á íobairt mar ofráil mhóide nó méine, itear é lá a ofrála, agus itear an fuílleach lá arna mhárach;

17. ach má bhíonn aon chuid d'fheoil an íobarthaigh fágtha ar an tríú lá, loisctear sa tine é.

18. Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.

19. Feoil a bhaineann le haon ní neamhghlan, ná hitear í, ach loisctear sa tine í. Ní miste d'aon duine glan feoil a ithe

20. ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.

21. Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”

22. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

23. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Ná hithigí saill ar bith, saill daimh, ná caorach, ná gabhair.

24. Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe.

25. Aon duine a itheann saill ainmhí a ofráladh ina íobairt dhóite don Tiarna, déantar é a ionnarbadh óna phobal.

26. Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.

27. Aon duine a chaitheann fuil d'aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.”

Cuid an tSagairt

28. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

29. “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair:Aon duine a ofrálann íobairt chomaoineach don Tiarna, tugadh sé cuid dá íobairt mar ofráil.

30. Tugadh sé ofráil dhóite an Tiarna, an tsaill ar an mbrollach is é sin, ina lámha féin. Tugadh sé í sin agus an brollach féin chomh maith, d'fhonn an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna.

31. Ní foláir don sagart an tsaill a dhó ar an altóir, ach bíodh an brollach ag Árón agus ag a chlann mhac.

32. Cuirigí an cheathrú dheas de na híobairtí comaoineach i leataobh agus tugaigí don sagart í.

33. An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach.

34. An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

35. Sin é mar sin cuid Árón agus a mhac d'íobairtí uileloiscthe an Tiarna an lá a chuir sé i láthair an Tiarna iad le bheith ina sagairt aige.

36. D'ordaigh an Tiarna clann Iosrael á thabhairt sin dóibh an lá a ungtar iad; reacht síoraí é seo dá sliocht ó ghlúin go glúin.

37. Sin é dá réir sin gnás an uileloiscthe, na habhlainne, an íobairt pheaca, na n‑íobairtí cúitimh agus insealbhaithe agus comaoineach.

38. Sin é a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar Shliabh Shíonái nuair a d'aithin sé do chlann Iosrael a n‑ofrálacha a thabhairt chun an Tiarna i bhfásach Shíonái.