Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Drúis

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Mise an Tiarna bhur nDia.

3. Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.

4. Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia.

5. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.

6. Ní ceadmhach d'aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna.

7. Ná bain an folach de nochtacht d'athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht.

8. Ná bain an folach de nochtacht bhean d'athar; is í nochtacht d'athar í.

9. Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d'athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht.

10. Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d'iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan.

11. Ná bain an folach de nochtacht iníon bhean d'athar a gineadh ó d'athair. Is deirfiúr duit í; ná bain an folach dá nochtacht.

12. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar; óir sí feoil d'athar í.

13. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr do mháthar, óir sí feoil do mháthar í.

14. Ná bain an folach de nochtacht dheartháir d'athar; ná druid, sé sin, lena bhean; sí d'aintín í.

15. Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht.

16. Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.

17. Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d'fheoil féin iad; ba chorbadh sin.

18. Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd.

19. Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa.

20. Ná luigh go collaí le bean do chomharsan; d'fhágfadh sin neamhghlan thú.

21. Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.

22. Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.

23. Ná luigh le haon ainmhí; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.

24. Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú.

25. Truaillíodh an talamh; d'agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de.

26. Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí - idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc - aon cheann de na nithe gráiniúla sin.

27. Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh.

28. Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh?

29. Óir aon duine a dhéanann rud gráiniúil díobh sin, is cuma céard é, aon duine a dhéanann a leithéid, ní foláir é a ionnarbadh óna phobal.

30. Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.”