Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Lá Mór an Leorghnímh

1. Tar éis bhás bheirt mhac Árón, nuair a d'ofráladar tine neamhdhleathach i láthair an Tiarna agus gur cailleadh iad,

2. labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.

3. Seo mar atá Árón le dul isteach sa sanctóir - le tarbh óg do íobairt pheaca agus le reithe do uileloscadh.

4. Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin.

5. “Faigheadh sé dhá phocán gabhair d'íobairt pheaca agus reithe do íobairt uileloiscthe ó chomhthionól chlann Iosrael.

6. Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca ar a shon féin agus ceiliúradh sé gnás an leorghnímh ar a shon féin agus ar son a theaghlaigh.

7. Tugadh Árón an dá phocán leis ansin agus cuireadh sé iad i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála.

8. Cuireadh sé an dá phocán ar cranna, ceann don Tiarna agus an ceann eile do Azázael.

9. An pocán ar a dtitfidh crann an Tiarna, tugadh sé i láthair é agus ofráladh sé é mar íobairt pheaca,

10. ach an pocán ar a dtitfidh crann Azázael, cuirtear i láthair an Tiarna é, agus an t‑anam ann, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh air agus é a sheoladh isteach san fhásach go hAzázael.

11. Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca dó féin, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh dó féin agus dá mhuintir; maraíodh sé an tarbh mar íobairt pheaca dó féin.

12. Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é,

13. agus cuireadh sé an túis ar an tine i láthair an Tiarna agus folaíodh sé le seamall túise cathaoir na trócaire atá ar an bhFianaise, le heagla an bháis.

14. Ansin tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus croitheadh sé í lena mhéar ar thosach chathaoir na trócaire; ní foláir dó an fhuil seo a chroitheadh seacht n‑uaire lena mhéar os comhair chathaoir na trócaire.

15. “Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.

16. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh aige don sanctóir ar son neamhghlaine chlann Iosrael, dá gcionta agus dá bpeacaí go léir; sin é leis mar nach foláir dó a dhéanamh do Bhoth na Teagmhála a fhanann faru i lár a neamhghlaine.

17. Ná fanadh aon duine i mBoth na Teagmhála ón uair a ghabhann sé isteach sa sanctóir ag déanamh leorghnímh go dtagann sé amach. Nuair a bhíonn leorghníomh déanta aige dó féin, agus dá theaghlach agus dá mhuintir, agus do chomhthionól Iosrael go léir,

18. tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall.

19. Croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire ar an altóir lena mhéar; sin mar atá sí le glanadh agus le naomhú aige, le híonghlanadh agus le scaradh ó neamhghlaine iomadúil chlann Iosrael.

20. “Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair.

21. Leagadh Árón a dhá láimh ar cheann an phocáin bheo, agus admhaíodh sé coireanna uile chlann Iosrael os a chionn, agus a gcionta go léir, agus a bpeacaí go léir; agus leagadh sé sa mhullach air iad. Agus iadsan go léir leagtha sa cheann air, seoladh sé amach faoin bhfásach é ar láimh ag fear a bhíonn ullamh chuige sin;

22. agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.

23. “Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í.

24. Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;

25. ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.

26. An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

27. An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

28. An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

29. “Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.

30. Óir is é seo an lá ar a ndéanfar gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son, d'fhonn sibh a ghlanadh. Glanfar sibh ó bhur bpeacaí go léir i láthair an Tiarna.

31. Bíodh sé ina shaoire shabóide shollúnta agaibh agus déanaigí troscadh. Dlí sioraí é seo.

32. “Sagart arna ungadh agus arna insealbhú chun fónaimh in áit a athar nach foláir an gnás leorghnímh a chomhlíonadh. Cuireadh sé uime an línéadach agus na héidí naofa,

33. agus comhlíonadh sé leorgníomh an tsanctóra naofa, Bhoth na Teagmhála agus na haltóra. Ansin ceiliúradh sé gnás an leorghnímh thar ceann na sagart agus mhuintir an chomhthionóil uile.

34. Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.