Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Adhradh

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo:Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa.

3. Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia.

4. Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia.

5. Má ofrálann sibh íobairt chomaoineach don Tiarna, déanaigí sibh féin taitneamhach, agus ansin ofrálaigí amhlaidh sin í.

6. Ní foláir í a ithe an lá céanna, nó lá arna mhárach; a mbeidh fágtha an tríú lá ní foláir é a loscadh.

7. Má itear aon chuid di ar an treas lá, is ofráil ghráiniúil í, ní ghlacfar léi.

8. Aon duine a itheann í, bíodh deasca a pheaca air, mar go mbíonn naofacht an Tiarna truaillithe aige; gearrtar amach óna phobal an duine sin.

9. Ag baint an fhómhair de bhur n‑ithir, ná bainigí go deireadh an cheann fearainn. Ná bailigh diasa an fhómhair.

10. Ní mó ná sin ba chóir duit d'fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.

11. Ná déanaigí goid ná calaois ná feall ar bhur gcomharsa.

12. Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.

13. Ná déan leatrom ná slad ar do chomharsa. Ná coinnigh tuarastal an fhostaí thar oíche go maidin.

14. Ná cuir mallacht ar an mbalbhán, ná ceap tuisle ar chosán an daill, ach bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.

15. Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.

16. Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.

17. Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin.

18. Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.

19. Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.

20. Má luíonn fear le bean agus a chuid féin a dhéanamh di, nuair is leannán daoirsí le duine eile í, gan cheannach gan saoirse, bíodh seisean freagrach sa bhradaíocht ar chearta, ach ná cuirtear chun báis é mar nach raibh sise saor.

21. Tugadh sé íobairt chiontachta chun an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; reithe an íobairt chiontachta.

22. Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé.

23. Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é.

24. An ceathrú bliain beidh an toradh go léir naofa, ofráil chéadtorthaí don Tiarna.

25. An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia.

26. Ná hithigí aon fheoil ina mbíonn fuil. Ná cleachtaigí asarlaíocht ná draíocht.

27. Ná bearraigí bhur bhfolt ina chuar ar bhur n‑uiseanna timpeall, agus ná gearraigh imill d'fhéasóige.

28. Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna.

29. Ná déan striapach de d'iníon agus í a thruailliú, le heagla go rachadh an tír le striapachas agus go mbeadh sé ar snámh le corbadh.

30. Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna.

31. Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.

32. Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.

33. Nuair a chuireann deoraí faoi faraibh in bhur ndúiche, ná cuirigí isteach air.

34. An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.

35. Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnais dlí, i dtomhas faid ná meáchain ná toirte;

36. bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n‑éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte.

37. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”