Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rialacha Breise

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Ordaigh do chlann Iosrael ola ghlan ológ a thabhairt chugat don lóchrann chun go mbeadh solas ar lasadh ann i gconaí.

3. Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht.

4. Coimeádadh Árón na soilse i gcóir ar an gcoinnleoir d'ór glan i láthair an Tiarna i gcónaí.

5. “Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d'éafá i ngach ceann.

6. Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna.

7. Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite.

8. Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí.

9. Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d'íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.”

Diamhasladh - Éiric

10. Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé - mac na hIosraelaí - ar aighneas le hIosraelach sa champa.

11. Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).

12. Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh.

13. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

14. “Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.

15. Ansin abair le clann Iosrael:Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca.

16. An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.

17. An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

18. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam.

19. Má dhéanann duine a chomharsa a leonadh, déantar leis a ndearna sé,

20. briseadh ar bhriseadh, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Déantar ciorrú air dála an chiorraithe a rinne sé.

21. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

22. Bíodh an t‑aon bhreith agaibh ar dhúchasach agus ar dheoraí; óir is mise an Tiarna bhur nDia.”

23. Nuair a bhí an méid sin ráite ag Maois le clann Iosrael, thugadar an té a rinne an mallú as an gcampa amach agus ghabhadar de chlocha ann. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar an gcuma sin.