Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Eisean

1. Nach álainn tú, a rún,nach álainn!do shúile is coilm iad.Laistiar de do chaillefolt mar thréad gabharanuas Cnoc Ghileád.

2. D'fhiacla mar thréad lomthaaníos as an loch nite,cúpla uan ag gach caoraagus gan caora díobh seasc.

3. Snáth craorag do bheola,do chomhrá ró-aoibhinn.Leathbhró ghránúill do ghrualaistiar de do chaille.

4. Túr Dháiví do mhuineál,daingean cosanta,míle sciath ar crochadh air,éide chatha na gcuradh.

5. Do dhá chíoch mar dhá oisín,cúpla aon eilite,ag innilt i measc bláthanna.

6. Go séide lá,go scaipe scáthrachaidh mé go cnoc an mhirr,go tulach na túise.

7. Álainn tú ar fad, a rún;atá tú gan cháim.

Eisean

8. Tar as an Liobáin, a bhrídeach,tar as an Liobáin isteach.Féach anuas ó mhullach Amáná,ó mhullach Sheinír agus Hearmón,ó fhásach na leon,ó shliabh na liopard.

9. Shaobh tú mo chiall,a shiúr, a bhrídeach,shaobh tú mo chiall,le silleadh ó shúil leat,le haon seoid de do chuibhreach brád.

10. Nach aoibhinn do ghrá,a shiúr, a bhrídeach,nach blasta do ghrá ná fíon,nach cumhra iad do chumhrachtaíná spíosraí an domhain!

11. Béilín meala, a bhrídeach,mar an criathar ag sileadh;mil agus bainnefaoi do theanga go cinnte;boladh cumhra ar d'éadachmar chumhracht na Liobáine.

Eisean

12. Gort i lios tú,a shiúr, a bhrídeach,gort i ráth,tobar i gcomhad.

13. Gránúlla go tiubh annagus togha gach toraidhó shruthanna an tobair.

14. Spiocnard agus cróch ann,giolcach chumhra agus cainéal,gach crann i bhfuil roisín,miorr agus fóifíneach,agus togha gach cumhrachta.

15. Tobar i ngortaníos as an talamh,nó sruth as an Liobáin.

Ise

16. Éirigh a ghaoth aduaidh,gluais, a ghaoth aneas,séidigí trí mo ghairdíngo leatha a chumhrachtaí.Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,blaiseadh sé togha gach toraidh ann.