Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cé a thabharfadh go mba deartháir liom thúa dhiúil cíocha mo mháthar,go bpógfainn thú mar a mbuailfinn leatgan náire na ndaoine.

2. Sheolfainn liom isteach thúi dteach mo mháthar a mhúin mé;thabharfainn duit fíon cumhra,sú mo ghránúll.

3. A lámh chlé faoi mo cheann,A lámh dheas tharm anall.

Eisean

4. Agraím oraibha mhná Iarúsailéimgan mo rún a chorraí ná a mhúscailtgo dtograí sí féin.

Mná Iarúsailéim

5. Cé hí seo aníos ón bhfásachar ghualainn a grá?Faoin gcrann úll a mhúscail mé thú;is ann a rug do mháthair thú,is ann a bhí do bhuime in íona.

Eisean

6. Cuir mar shéala ar do bhrollach mé,mar fháinne ar do láimh.Óir ní láidre an bás ná an grá,ní doichte an tÉad na Tír an Bháis.Is tine dhóite é,sárlasair.

7. Díle uiscení mhúchfadh an grá,ná tuile abhannní scuabfadh chun siúil é.An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá,tarcaisne a gheobhadh sé.

Deartháireacha an Chailín

8. Tá deirfiúr againn atá beag,í fós gan chíocha.Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúran lá a mbeidh sí á hiarraidh?

9. Más balla ítógfaimid túr airgid ar a mullach.Más geata í,daingneoimid le clár céadrais í.

Ise

10. Is balla méagus mo chíocha mar thúir air,Ach leis an bhfear siúdtá mo shíocháin déanta.

Deartháireacha

11. Bhí fíonghort ag Solamhi bpobal líonmhar.Chuir sé an fíonghort ar cíos,míle bonn ón duine ar a thoradh.

Eisean

12. Sin é an fíonghort domsa:seo dhuit do mhíle bonn, a Sholaimh,agus dhá chéad thairis dá lucht coimeádta.

13. Tusa sa ghort- tá na cairde ag éisteacht -cluinim do ghuth.

Ise

14. Rith chugam, a ghrá mar eilit,nó mar oisín na bhfia,ar chnoic chumhra.