Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Mná Iarúsailéim

1. Fill, fill, a Shiúlamach,fill, fill, go bhfeicfimid thú.Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamachach rince an dá fhoireann?

Eisean

2. Nach breá iad do chosa i mbróig,a iníon rí;lorgaí mar chlocha muincedea-dhéanta ó láimh an tsaoir!

3. D'imleacán mar chuach fíona,ní folamh é choíche.Brú mar charn cruithneachta,fál bláthanna air.

4. Do dhá chích mar dhá oisín,cúpla aon eilite.

5. Do mhuineál mar thúr eabhair,do shúile mar locháin Heisbeonfaoi gheata Bhat Rabaím.Do shrón mar thúr sa Liobáinag faire i dtreo na Damaisce.

6. Do cheann mar Chnoc Chairmeil,folt ar dhath an chorcra;cheangail tú rí lena thriopaill.

7. Is álainn tú, is aoibhinn,a shearc, a mhilse.

8. Ard maorga mar chrann pailme tú,do chíocha mar chrobhaing.

9. “Suas an phailm liom,” arsa mise;“béarfaidh mé greim ar a géaga.”Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,boladh úll ar d'anáil.

10. Togha fíona do phógaag dul go blasta síos an scornachtrí bheola agus fiacla.

Ise

11. Le mo ghrá-sa mise,agus mise a mhiansan.

12. Tar liom, a ghrá,amach ar na bánta.Codlóimid i measc bláthanna coifir.

13. Moch maidine don fhíonghort,d'fhios ar eascair an fhíniúin,ar oscail a bláthanna,ar bhorr an gránúll.Is ann a thabharfad grá duit.

14. Geanúll ag tabhairt a bholadh,togha agus rogha chun ár láimhe.Sean agus nuaa thaisc mé duitse, a ghrá.