Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Mná Iarúsailéim

1. Cá ndeachaigh do ghrá uait,a phlúr na mban,cén treo a d'iompaigh do ghrá,agus lorgfaimid leat é?

Ise

2. Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá,go ceapacha na spíosraí,lena thréad a chur ar féarachagus blátha a chruinniú.

3. Le mo ghrása mise,agus liomsa mo ghrá;i measc na mbláthannachuir sé a thréad.

Eisean

4. Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,breá mar Iarúsailéim,chomh huafar le cathshlua.

5. Iompaigh uaim do shúile,nó sáróidh tú mé leo.Folt mar thréad gabharanuas Cnoc Ghileád.

6. D'fhiacla mar thréad caorachaníos as an loch nite,cúpla uan ag gach caora,gan caora díobh seasc.

7. Leathbhro ghránúill do ghrualaistiar de do chaille.

8. Trí fichid banríon,ceithre fichid leannán,cailíní gan áireamh -

9. Ach is túisce liomsa ise,mo cholm gan cháim;is í is túisce lena máthair,is í rogha a buime í.Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di,banríon nó leannán nár mhol í:

10. “Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae,gealach ar áille,grian ar loinnir,chomh huafar le cathshlua?”

11. Chuas síos i ngort na gcnónna,go bhfeicfinn fás an ghleannago bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt,nó an gránúll ag borradh.

12. Sular thuig mé seo mé, de mhian mo chroí,[i gcarbad le taobh] mo phrionsa.