Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cultas Bréige agus Drochpholaitíocht

1. Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl,agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht.(Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fósagus fanann sí dílis don Té is Naofa.)

2. Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe,agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir.Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois:déantar conradh leis an Asaír,agus beirtear cáin ola don Éigipt.

In Éadan Iacóib agus Iosrael

3. Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael.Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób,agus agróidh sé air a ainghníomhartha.

4. Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir,agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.

5. (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.)Ghoil sé agus d'agair sé trócaire air.Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.

6. (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)

7. Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.

8. Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán;is breá léi éagóir a dhéanamh.

9. “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim,“d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam,agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam,a bhféadfaí coir a thabhairt air.”

10. Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thúas críocha na hÉigipte,ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothannafaoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.

11. Labhróidh mé leis na fáithe,agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh;trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.

12. Gileád! is í an urchóid í!níl iontu ach calaois!I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh!Dá bhrí sin beidh a n‑altóirí cosúil le cairn chlochi gclaiseanna na ngort.

13. Theith Iacób go dtí críocha Arám;bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin,agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.

14. Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt,agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é.

15. Chuir Eafráim le fearg ghéar ghoirt é áfach.Dá dheasca sin ligfidh a Thiarna dá fheallbhearta fola filleadh air,agus tabharfaidh sé tomhas a láimhe féin dóin éiric na maslaí a thug sé dó.