Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Teideal

1. Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.

Pósadh Hóisé

Ainmneacha Fáthchiallacha

2. Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d'iompaigh sí ón Tiarna.”

3. D'imigh sé leis mar sin agus phós Goimir, iníon Dhiobláím, agus ghabh sise gin agus rug mac dó.

4. “Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.

5. Is i nGleann Izréil a bhrisfidh mé cumhacht Iosrael an lá sin.”

6. Gabh sí gin arís agus rug iníon. “Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,” ar seisean leis, “mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta.

7. (Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”

8. Nuair a bhí Neamh-Mhuirneach bainte den chíoch aici, ghabh sí gin arís agus rug mac.

9. “Tabhair Coimhthíoch mar ainm air,” ar seisean ansin, “mar ní sibhse mo phobal, agus i dtaca libhse de, níl mise ann chor ar bith.”