Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hóisé 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Deireadh leis an gCultas Torthúlachta

1. Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael;Ach dá líonmhaire a thorthaí,b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí;agus dá shaibhre a chuid talún,b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.

2. Croí dúbailte atá acu,ach tá siad ar tí a smachtaithe anois.Brisfidh an Tiarna a n‑altóirí,agus scriosfaidh sé a liagáin.

3. Go deimhin déarfaidh siad ansin:“Níl aon rí againn(mar ní eagal linn an Tiarna).”Ach cad d'fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?

4. Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí!agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhea bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!

5. Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáiremar gheall ar lao Bhéit Ávan.Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi,agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall,mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.

6. Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte,mar cháin [don Ardrí].Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael,de dheasca na drochchomhairle a lean sé.

7. Díothófar an tSamáir agus a rí,agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.

8. Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha,mar a bpeacaíonn Iosrael,agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí.Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”,agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”

Smachtú Iosrael

9. Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca;níor éirigh siad as riamh!Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?

10. Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairíchun iad a smachtú.Cruinneoidh mé na náisiúin ina n‑aghaidhchun cimí a dhéanamh díobhin éiric an dá choir a rinne siad.

Budóg Mhealltach ba ea Eafráim

11. Budóg dhea-riata ba ea Eafráim,ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair;mise a chuir cuing ar a muineál álainn.Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa,agus Iacób chun fuirste.

12. Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin;bainigí fómhar an bhuanghrá;brisigí bhur bhfearann branair,óir is mithid daoibh an Tiarna a lorgnó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.

13. Shaothraigh sibh an t‑olc;ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar,agus d'ith sibh toradh an éithigh.Ó tá muinín agat as do chumhacht féinagus as oll-líon do laochra,

Tubaiste Dhosheachanta ag Bagairt

14. éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire,agus scriosfar do dhúnta uile,mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha,nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.

15. Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse,in éiric bhur mioscaise gan teorainn.Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael.