Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid.

2. Má bhíonn aon duine, fear nó bean, in bhur measc in aon cheann de na bailte atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, a dhéanann coir is fuath leis an Tiarna do Dhia agus a bhriseann a chonradh,

3. agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh - nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé,

4. agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael,

5. tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.

6. Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.

7. Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t‑olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin.

Breithiúna Léivíteacha

8. “Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia,

9. agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit.

10. Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.

11. Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit.

12. Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.

13. Cluinfidh an pobal go léir ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad a leithéid de dhánaíocht arís.

Ríthe

14. “Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ‘Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,’

15. ní foláir duit rogha an Tiarna do Dhia de rí a cheapadh os do chionn; ní foláir duine ar do bhráithre a cheapadh os do chionn mar rí; eachtrannach nach bráthair leat ní ceadmhach duit a cheapadh os do chionn.

16. Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’

17. Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.

18. Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo - as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach - a scríobh dó féin i leabhar;

19. bíodh sé láimh leis i gcónaí, agus léadh sé é gach lá dá shaol, d'fhonn go bhfoghlaimeodh sé eagla an Tiarna a Dhia ag coimeád briathra uile an dlí seo agus na reachtanna seo agus á gcomhlíonadh.

20. Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.