Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Beannacht Mhaois

1. Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.

2. Dúirt sé:Tháinig an Tiarna ó Shíonái,agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír.Dealraigh sé ó Shliabh Phárán;tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis,ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.

3. Tusa a ghráigh na haithreacha,is i do láimh atá na naoimh go léir.Thiteadar ag do chosa,agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.

4. (Leag Maois dlí orainn.)Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.

5. Bhí rí in Isiriún,nuair a thionóil ceannairí an phobail,agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.

6. Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás,go maire chomh maith a bheagán slua.

7. Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá:Éist, a Thiarna, le glor Iúdá,agus beir ar ais chun a mhuintire é,go gcosnaí a lámha a chearta,agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.

8. Dúirt sé faoi Léiví:Tabhair do Léiví do Úirím,agus do Thuimím don té dá dtug tú gean,tar éis duit é a phromhadh ag Masá,agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,

9. Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair:“Ní fhaca mé iad.”Ní aithnid dó a bhráithre,ná níl aithne aige ar a chlann.Sea, chomhlíonadar do bhriathar,agus choimeádadar do chonradh go daingean.

10. Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób,agus do dhlí do Iosrael.Seolann siad túis i do láthair,agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.

11. A Thiarna, beannaigh a mhaoinagus glac le saothar a lámh.Basc leasracha a naimhdeagus a eascairde, ionas nach n‑éireoidh siad arís.

12. Dúirt sé faoi Bhiniáimin:An té is ionúin leis an Tiarna,tá cónaí air gan bhaol ina fharraid.Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go láagus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.

13. Dúirt sé faoi Iósaef:Go mbeannaí an Tiarna a fhearann,le togha dhrúcht neimhe,agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos,

14. le togha thorthaí na gréine,agus fhómhar trom gach míosa,

15. le togha thoradh na gcnoc ársa,agus le flúirse ó na sléibhte ciana,

16. le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann,le gean an té a lonnaigh sa Tor.Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef,an té a coisriceadh i measc a bhráithre.

17. Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir.Adharca daimh allta a adharcaagus leosan sánn sé na pobail go léirgo himill an domhain.Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim,is mar sin le mílte Mhanaise.

18. Dúirt sé faoi Zabúlun:Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna.

19. Déanann siad íobairtí conáigh,ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;óir blaiseann siad saibhreas na mara,agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.

20. Dúirt sé faoi Ghád:Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!Luíonn sé mar bhanleon;stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis.

21. Thogh sé an chéad roinn dó féin,mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.

22. Dúirt sé faoi Dhán:Coileán leoin é Dán,ag lingeadh ó Bháiseán.

23. Dúirt sé faoi Naftáilí:A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,agus lán de bheannachtaí an Tiarna,bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.

24. Dúirt sé faoi Áiséar:Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;gurb é muirnín a bhráithre é,agus tumadh sé a chosa in ola!

25. Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrásagus do neart comhfhad le do ré.

26. Níl aon neach mar Dhia, Isiriún;tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha;agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.

27. Sé Dia síoraí do thearmann.Anseo thíos sé an lámh shíoraí éag tiomáint an namhad romhat;eisean a deir: “Scrios iad.”

28. Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin;toghtar tobar Iacóibmar thír arbhair agus fíona;sileann neamh féin an drúcht anuas

29. Nach méanar duit, a Iosrael!Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna,an té is sciath do dhídine,agus claíomh do bhua.Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort,ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.