Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Dúnmharfóir Anaithnid

1. “Sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú, má fhaightear duine a básaíodh ina luí amuigh ar an mbán, agus nach eol cé mharaigh é,

2. tagadh bhur seanóirí agus bhur mbreithiúna agus déanaidís an fad slí idir corpán an duine bhásaithe agus na cathracha máguaird a thomhas.

3. Ansin faigheadh seanóirí na cathrach is gaire don mharbh bodóg nár cuireadh chun oibre agus nár tharraing an chuing riamh fós.

4. Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige.

5. Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil.

6. Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál.

7. Agus abraidís na focail seo: ‘Níor dhoirt ár lámha an fhuil seo agus ní fhaca ár súile aon ní.

8. Leath brat do mhaithiúnais ar do phobal Iosrael a d'fhuascail tú a Thiarna, agus ná doirtear aon fhuil neamhchiontach i measc do phobail Iosrael.’ Ar an tslí sin beidh brat cosanta orthu ón bhfíoch fola.

9. Ní foláir duit gach doirteadh fola neamhchiontaí a dhíbirt ó do lár más áil leat an ceart a dhéanamh i súile an Tiarna.

An Pósadh

Cimí Ban - Ceart Clainne

10. “Nuair a théann tú amach chun cogaidh in aghaidh do namhad, agus go ndéanann do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit agus go ngabhann tú iad mar chimí,

11. agus go bhfeiceann tú bean sciamhach ar na cimí agus go mbíonn dúil agat inti, ní miste duit í a ghabháil chugat mar bhean

12. agus í a bhreith leat abhaile. Bearradh sí a ceann agus scumhadh sí a hingne

13. agus baineadh sí di a héide cime; fanadh sí laistigh de do theach ar feadh míosa agus caoineadh sí a hathair agus a máthair ar feadh míosa gan staonadh. Ní miste duit ansin dul chuici agus do chuid féin a dhéanamh di agus bíodh sí mar bhean agat.

14. Má tharlaíonn go n‑éiríonn tú tuirseach di, tabhair cead a cinn di, gan airgead a éileamh mar cheannach uirthi; ós rud é gur bhain tú feidhm aisti, níl cead agat brabach a dhéanamh uirthi.

15. “Má bhíonn beirt bhan ag duine, agus bean acu ina muirnín agus an bhean eile gan a bheith, agus go mbeireann an muirnín agus an bhean nach amhlaidh clann dó, agus gur leis an bhean nach muirnín an chéadghin mhic,

16. ansin nuair a thagann an lá inar cóir dó a chuid a roinnt mar oidhreacht ar a chlann mhac, ní cóir buntáiste na céadghine a thabhairt do mhac an mhuirnín thar mhac na mná nach muirnín ós é is céadghin ó cheart;

17. ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine.

An Mac Ceanndána

18. “Má bhíonn mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar ná máthar, agus nach dtógann aon cheann dóibh fiú nuair a chuireann siad pionós air,

19. ansin ní foláir dá athair agus dá mháthair greim a bhreith air agus é a thabhairt amach go seanóirí na cathrach ag geataí na háite ina mbíonn cónaí air,

20. agus a rá le seanóirí na cathrach: ‘Tá an mac seo againn ceanndána easumhal, agus ní ghéillfidh sé dár nguth; déanann sé craos agus bíonn ar meisce.’

21. Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.

Rialacha ar Leith

22. “Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é,

23. ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.