Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Deich nAitheanta

1. Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: “A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim.

2. Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb.

3. Ní lenár n‑aithreacha a rinne an Tiarna an conradh seo, ach linne, sinne atá anseo beo gach duine againn anseo inniu.

4. Labhair an Tiarna gnúis le gnúis libh ar an sliabh ó chroí na tine,

5. agus sheas mise lena linn sin ar fad idir an Tiarna agus sibhse chun briathar an Tiarna a fhógairt daoibh, óir bhí eagla na tine oraibh, agus ní dheachaigh sibh suas faoin sliabh. Dúirt sé:

6. ‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.

7. Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.

8. Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

9. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

10. ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.

11. Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsaid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.

12. Coimeád an tsabóid agus naomhaigh í, mar a d'ordaigh an Tiarna do Dhia duit.

13. Caithfidh tú sé lá ag obair agus ag déanamh do shaothair go léir,

14. ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin, ná do mhac ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do dhamh, ná do asal, ná aon cheann de do ainmhithe, ná an deoraí faoi do dhíon, i dtreo go mbeidh sos ag do dhaor agus ag do dhaoirseach do dhála féin.

15. Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d'aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád.

16. Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.

17. Ná déan marú.

18. Ná déan adhaltranas.

19. Ná déan goid.

20. Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.

21. Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’

22. “Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.

Maois an tIdirghabhálaí

23. “Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí,

24. agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo.

25. Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.

26. Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?

27. Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’

28. Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: ‘Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu.

29. Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!

30. Imigh leat agus abair leo: Filligí ar bhur mbothanna.

31. Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.’

Grá agus Dílseacht don Tiarna

32. “Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.

33. Cloígí leis an mbealach go léir a d'aithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh.