Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Nuair a thiocfaidh na nithe seo go léir sa mhullach ort, an bheannacht agus an mhallacht a chuir mé romhat, má thugann tú chun cuimhne iad i measc na náisiún go léir, mar a dtiomáinfidh an Tiarna do Dhia thú,

2. agus go n‑iompaíonn tú chun an Tiarna do Dhia, tú féin agus do chlann, agus go ngéilleann tú dá ghlór san uile ní a ordaím duit inniu, ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,

3. ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú.

4. Má bhíonn fán fada ar aon chuid agaibh go himill na cruinne cruinneoidh an Tiarna do Dhia fiú ón áit sin thú, agus tabharfaidh sé leis as sin thú,

5. agus tabharfaidh ar ais thú chun na tíre a bhí i seilbh d'aithreacha d'fhonn go mbeadh seilbh agatsa leis air, agus cuirfidh sé conách agus rath ort seachas mar a bhí ar d'aithreacha.

6. Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.

7. Cuirfidh an Tiarna do Dhia na mallachtaí sin go léir sa mhullach ar d'eascairde agus ar do naimhde a rinne géarleanúint ort.

8. Géillfidh tú do ghlór an Tiarna agus coimeádfaidh tú na haitheanta go léir dá chuid a ordaímse duit inniu.

9. Cuirfidh an Tiarna do Dhia conách bláfar ar shaothar do lámh go léir, ar thoradh do choirp, ar thoradh do airnéise, agus ar thoradh do thalún. Óir tabharfaidh an Tiarna gean do do chonách arís mar a rinne le d'aithreacha,

10. má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán.

11. “Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air.

12. Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”

13. Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”

14. Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh.

15. “Seo beatha agus rath, bás agus urchóid á gcur agam romhat inniu.

16. Má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú.

17. Ach má chlaonann do chroí, má dhiúltaíonn tú éisteacht agus go mealltar thú chun adhradh do dhéithe eile agus seirbhís dóibh,

18. fógraím daoibh inniu go scriosfar sibh, go scriosfar sin; is gearr é bhur seal sa tír a bhfuil tú ag dul thar Iordáin isteach ann á shealbhú.

19. Glaoim ar neamh agus ar thalamh chun fianaise a bhreith in bhur n‑aghaidh inniu: Chuir mé romhat bás nó beatha, beannacht nó mallacht. Beir an bheatha de rogha dá bhrí sin, i dtreo go mairfidh tú féin agus do shliocht,

20. i ngrá an Tiarna do Dhia, ag géilleadh dá ghlór agus ag cloí leis; óir sin é is beatha duit, agus is air a bhraitheann fad do ré sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, a thabharfadh sé dóibh.”