Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Seanmoir agus teasdas Eóin um Chriosd, 21 teasdas Dé nime: 23 agus a shinnsiorrachd thaoibh Ioseph.

1. Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne,

2. An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach.

3. Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;

4. Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.

5. Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín;

6. Agus do chífi gach uile fheoil slanughadh Dé.

7. Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?

8. Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham.

9. Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.

10. Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam?

11. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.

12. Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?

13. Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do horduigheadh dhaóibh.

14. Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

15. Agus ar mbeith ag feitheamh don phobal, agus ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin, nar bheisean Chríosd,

16. Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:

17. Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.

18. Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.

19. Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,

20. Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.

21. Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh,

22. Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.

23. Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli,

24. Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph,

25. Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Náum, mhic Esli, mhic Nagge,

26. Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic Iúda,

27. Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri,

28. Mhic Melchí, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er,

29. Mhic Ióse, mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Lébhi,

30. Mhic Siméon, mhic Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim,

31. Mhic Meléa, mhic Mainán, mhic Matata, mhic Nátan, mhic Dháibhi,

32. Mhic Iessé, mhic Ohéd, mhic Boós, mhic Salmon, mhic Náasson,

33. Mhic Aminadab, mhic Aram, mhic Esrom, mhic Pháres, mhic Iúdah,

34. Mhic Iácob, mhic Isaac, mhic Abraham, mhic Tará, mhic Náchor,

35. Mhic Sáruch, mhic Rágu, mhic Phálec, mhic Héber, mhic Salá

36. Mhic Cáinan, mhic Arphcsad, mhic Sem, mhic Noé, mhic Lámedh,

37. Mhic Matúsala, mhic Enoch, mhic Iáred, mhic Maleléel, mhic Cáinan,

38. Mhic Enos, mhic Séth, mhic Adhaimh, mhic Dé.