Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XXIV

Soisgeul subhach na naingeal do na mnáibh, um eiseirghe Chriosd, 36 Noch do thaisbein é féin dá Absduluibh, 51 agus chúaidh súas ar neamh.

1. Agus an céadlá don tseachdmhuin, tangadar go romhoch ar maidin, chum an túama, ag tabhairt léo na neitheadh deaghbhaluidh dullmhuigheadar, agus mná áirighe eile maille ríu.

2. Agus fúaradar an chloch ar na hiomlat ón túama.

3. Agus ar ndul a sdeach dhóibh, ní fhúaradar corp an Tighearna Iósa.

4. Agus tárla, gur ghabh úathbhás íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh dealruightheacha:

5. Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh an lé atá beo?

6. Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé

7. Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.

8. Agus do chuimhnigheadarsan ar a bhriathraibhsion,

9. Agus ar bhfilleadh ón túama, dfoillsigheadar na neithesi uile don éineasbal dég, agus do cach eile uile.

10. Achd a si Muire Mhaghalén, agus Iónna, afus Muire mathair Shéumais, agus na mná eile do bhí maille ríu, dinnis na neithesi do na heasbuil.

11. Agus do cheasadarsan a mbríathra mar éadruime cheille, agus nior chreideadar dhóibh.

12. Agus ar néirghe do Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh iongantais leis féin fán ngíomhsa.

13. Agus, féuch, do chúadar días diobhsan an lásin féin go baile atá trí fithchid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus.

14. Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann.

15. Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo.

16. Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.

17. Agus a dubhairt sé ríu, Créd íad na comhraitesi air a bhfuiltí ag teachd cadruibh féin, ag siobhal dibh, agus sibh go bronach?

18. Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?

19. Agus a dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile:

20. Cionnas tugadar na hárdsagairt, agus ar núachdarainne é chum breithe bháis do bhreith air, agus do chrochadar é.

21. Achd do bhí ar súilne gur bheision an té dfuaisgéoladh Isráel: agus leith amuich dhíobh so uile, a sé níu an treas lá ó rinneadh na neithesi.

22. Agus mar an gcéadna, mná áirighe dhínn féin tháinic go moch chum a túama, do chuireadar úathbhás oruinn;

23. Agus mar nach bhfuaradar a chorpsan, tangadar, ag rádh, go bhfacadar féin fós taidhbhsi aingeal, a deir go bhfuil sé na bheathaigh.

24. Agus do chuadar dream áirighe dhá rabh maille rinne chum an túama, agus fuaradar mar a dubhradar na mná: achd ní fhacadar eision.

25. Agus a dubhairt seision riu, O a dhaoine amadánach agus mallchroidhtheach chum creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe!

26. A né nar bhéigin do Chríosd na neithesi dfulang, agus dul a sdeach ann a ghlóir féin?

27. Agus ar dtionnsgnadh ó Mháoisi agus ó na faighibh uile, do eidirmhínigh sé dhoibh ann sna huile sgriopturaibh na neither bhi dhá tháobh féin.

28. Agus do dhruideadar ris an mbaile, ann a rabhadar ag dul: agus do léig seision air go rachadh sé ní is faide.

29. Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh, Fan aguinne, óir atá sé na thrath nona, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do chúaidh se a sdeach dfuireach aca.

30. Agus tárla, an tan do chuidh sé chum bí na bhfochair, ar mbreith ar a narán; go rug sé buidheachas, agus ar na bhriseadh, tug sé dhóibhsion é.

31. Agus so hosgladh a súilesion, agus daithnidheadar eision; agus do tóghbadh as a namharc é.

32. Agus a dubhradarsan eatarra féin, A né nach rabhadar ar gcroidhthe ar lasadh ionnuinn, an feadh do bhí sé ag labhairt rinn ar a tslighe, agus an tan do osguil sé dhuinn na sgrioptúiridh?

33. Agus ar néirghe dhoibh ar a núairsin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinfhear deúg cruinn a bhfochair a chéile, agus an dream do bhí maille ríu,

34. Ag rádh, Déirigh an Tighearna go firinneach, agus taisbéanadh do Shíomón é.

35. Agus dinnisiodarsan na neither do rinneadh ar a tslighe, agus mar do aithnidheadar é a mbriseadh a naráin.

36. Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, agus a dubhairt sé ríu, Siocháin maille ribh.

37. Achd ar mbeith dhóibhsion ar crith agus lán deagla, do sháoileadar gur spiorad do chunncadar.

38. Agus a dubhairt seision ríu; Créd fá bhduilti ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid smúaintighe ann bhar gcroidhthibh?

39. Feuchaidh mó lámha agus mó chosa, óir is misi féin atá ann: glacaidh, agus féuchaidh mé; oír ní bhfuil féoil na cnámha ag spioruid, mar do chithi agamsa.

40. Agus an tan a dubhairt sé na neithesi do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa.

41. Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so?

42. Agus tugadarsan do cuid díasg rósduighe, agus cuid do chír mheala.

43. Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé na bhfiafhnuisision íad.

44. Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.

45. Ann sin dosguil sé a ttuisge, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir,

46. Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá:

47. Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.

48. Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheannsa.

49. Agus, féuch, cuirfidh misi gallamhun Mathar féin chugaibh: achd fanoidh a gcathair Iárusalém, no go gcuirthear cumhachda a núas umuibh.

50. Agus rug sé amach go soithe Betánia íad, agus ar dtóghbháil a lámh, do bheannuigh sé íad.

51. Agus tárla, ar mbeith dá mbeannughadh dho, gur sgaradh ríu é, agus gur tóghadh súas ar neamh é.

52. Agus ar na onóruighadh dhóibhsean, dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeachus mór:

53. Agus do bhídis do ghnáth ann sa teampoll, ag moladh agus ag beanughadh Dé. Amen.