Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XI

Shéol Crísd do bheith gnathach, seasmhach a nguidhe. 28 Agus gur coimhead bhriathar De, do ni deannuighthe, agus nach scáil chrábhoidh.

1. Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh urnuighe a náit áirighe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear áirighe dá dheisciobluibh ris, A Thighearna múin dúinne urnuighe do dhéanamh, amhail agus mar do mhúin Eóin dá dheisciobluibh féin.

2. Agus a dubhairt seision ríu, A núair do dhéantáoi urnuighe, abraidh, Ar nathair atá ar neamh, naomhthar hainin. Tigeadh do rioghachd. Déantar do thoil, ar an talamh, mar atá ar neamh.

3. Ar narán laétheamhuil tabhair dhúinn gach láoi.

4. Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc.

5. Agus a dubhairt sé ríu cía agaibhsi agá mbíadh cara, agus go rachadh sé chuige a meadhon oidhche, agus go naibeóradh sé ris, A chara, tabhair trí haráin dhamh air iásachd;

6. Oír tháinic cara dhamh as a tslighe am ionnsuighe, agus ní bhfuil éinni again do chuirfinn na fhiadhnuisi?

7. Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.

8. A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air.

9. Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.

10. Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.

11. Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó?

12. Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?

13. Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thbhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?

14. Agus do bhí sé ag teilgean deamhain amach, do bhí balbh. Agus tárla, ar ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán; agus do ghabh iongnadh an slúagh.

15. Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.

16. Agus dream eile, ag cur chathaighthe air, do iárradar comhartha ó neamh air.

17. Agus ar bhfaicsin a smúaintighthe, dhósan, a dubhairt sé riú, Gach rioghachd bhios roinnte na haghaidh féin do nithear fasach dhi; agus an tigh bhíos roinnte naghaidh tíghe, tuitidh sé.

18. Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain.

19. Agus más trí Bheelsebuh sgriosaimsi na deamhuin, cía tré sgriosaid bhur gelannsa iád? Ar a nadbhharsin héid siádsan na mbhreitheamhnaibh oraibhsi.

20. Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.

21. An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:

22. Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil.

23. An té nach bhfuil leamsa atá sé am aghaidh: agus gidh bé nach ccruinnigheann leamsa scabuighidh sé.

24. An tráth imthigheas an spiorad neamhglann as duine ar bith, imthigh sé trí íonaduibh tiorma, ag iárruidh suáimhnis; agus an tráth nach bhfaghann sé sin, a deir sé, Fillfidh mé doin thigh féin ó dtáinic mé.

25. Agus ar dtachd dó, do gheibh sé ar na sgúabadh agus ar na dheaghmhaisioghadh é.

26. Imthighidh sé an sin, agus beiridh sé leis seachd spioraide eile is measa ná é fein; agus ar ndol a sdeach dhóibh, do níd comhnaidhe ann sin: agus is measa deireadh an duine sin ná a thosach.

27. Agus tárla, agá rádh so dhó, gur árduigh bean áirighe don tsluágh a gúth, agus go nduibhairt sí, As beannaighe an bhrionn do iomchuir thú, agus na cíocha do dhiughail tú.

28. Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.

29. Agus an tan do chruinnidh an sluágh go tiúgh chuige, do thionsgain sé a tádh. As olc an cineadh so: iárraidh sé comhartha; agus ní tiubharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónas fáidh.

30. Oir ambail dó bhí Iónas na chomhartha do mhuinntir Niníve, as mar sin bhiás Mac an duine mar an gcéudna don chineadhso.

31. Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.

32. Eireóchaid luchd Niníve a mbreitheamhnus maille ris an gcineadhso, agus dainmeóchaid é: oír do rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Iónas; agus, féuch, atá duine as mó ná Iónas ann so.

33. Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus.

34. A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.

35. Dá brígh sin tabhair haire riot nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus.

36. Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.

37. Agus ar labhairt do, do chuir Phairisíneach airighe impédhe air a dhínnér do chaitheamh na fhochair: agus ár ndul a sdeach dhósan, do shuigh sé chum bídh.

38. Agus an tan do chonnairc an Phairísineach sin, dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh dhínnér.

39. Agus a dubhairt an Tighearna rís, Go deimhin do ní sibhse a phairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan; achd atá an táobh a sdigh dhíbh lán do shracaireachd agus dolc.

40. A dháoine gan chéill, a né nach é an tí do rinne an táobh a muigh do rinne an táobh a sdigh mar an gcéadna?

41. Ar a nadhbharsin tábhruidh deíre uáibh do na neithibh atá a láthair aguibh; agus, féuch, bíaidh na huile neitheghan díbh.

42. Achd is anáoibhinn dáoibh, a phairisíneach! do brígh go ngabhtháoi deachmhaidh an mhiontius agus na ruibhe agus na uile luibheann, achd gabhtháoithar bhreitheamhnus agus ghrádh Dé: do búdh cúir iád so do dhéamnamh, agus gan iád súd do leígeann gan déanamh.

43. As anáoibhinn dáoibh, a phoirisneacha! Oír as ionmhuin libh an céud ionad suidhe ann sna sionagogaibh, agus fáilteadha ar na máruidhibh.

44. As anáoibhinn dáoibh, a sgriobuidhe agus a phairisíneacha, a lachd a nfúarchrábhaidh! oír atátháoi marthuámuidhibh nách bhfaicthear, agus nách aithne do na dáoimbh shiubhlus orrtha.

45. Agus ar bhfreagra do dhuine áirighe don luched dlighe, a deir sé rís, A Mhaighisdir, agá rádh so dhuit do bhéir tú masa dhuinne fós.

46. Achd a dubhairt seision, As anáoibhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe! oír curtháoi úaluidhe dóiomchur ar na dáoinibh, agus ní bheantháoi féin ris na húaladhaibh lé háon da bhur méuraibh.

47. As anáoibhinn daiobh! oír tógtháoi túamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád.

48. Go deimhin do níthi fiádhnuisi go moltáoi gniómhartha bhur naithreach: oír do mharbhadarsan iád, agus do níthíse tuamuidhe dhóibh.

49. Ar a nadhbharso a dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe agus absdail chuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid diobh:

50. Do chum go leanfuidhe ar an gcinneadhsa, fuil na bhfáidheadh uile, do dóirteadh ó thús an domhain;

51. O fhuil Abéil go fuil Shacharías, do marbhadh éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneach a deirim ribh, go leanfuighear é ar an gcineadhso.

52. As anáoibhinn dáoibh, a luchd dlighe! oír rugabhair libh eochair a néolais, ní dheachabhair féin a sdeach, agus do thoirmisgeabhair an dream do bhí ag dul a sdeach.

53. Agus a nnáir dubhairt sé na neithese riú, do thionnsgnadar na sgriobuidhe agus na Phairisínigh consbóid ghéar do dhéanamh ris, agus a thabhairt air labhairt ar mhórán do neithibih:

54. Ag luigheachan air, agus ag iárraidh neither éigin do ghreamughadh as a bhéul, ann a naigeóraidis é.