Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XVII

Nach bhfuil Dia na fhéicheamh ag aón dúine, 22 agus go tiocfaidh Críosd a nam nach saóiltheor.

1. Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don tí, tré a dtigid said!

2. Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.

3. Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó.

4. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.

5. Agus a dubhradar na heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh.

6. Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.

7. Agus cía aguibh, agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord?

8. Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé; agus tar éisi sin ithsi agus ibh?

9. An mbía buidheachas aige ar a tsearbhfhoghantuidhe úd do bhrigh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ní shaóilim gormbía.

10. Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.

11. Agus tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ghabh sé tré lár na Samária agus na Galilé.

12. Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh:

13. Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn.

14. Agus an tan do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad.

15. Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór,

16. Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.

17. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid?

18. Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigheachso.

19. Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.

20. Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd.

21. Agus ní aibheóruid said, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhus measg.

22. Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí.

23. Agus a déarúid said ribh, Féuch ann so; nó, féuch ann so: achd ná himthigh, agus na leanuidh iád.

24. Oír amhuil agus mar dheallruigheas an tinnteach, shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh, is mar sín bhiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin.

25. Achd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a dhiultadh ón chineadhsa.

26. Agus mar do tharla a laéthibh Náoi, is mar sin fós bhiás a laéthibh Mhic an duine.

27. Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh, agus ag tabhairt chum posda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.

28. Agus ar a nós gcéadna mar tharla a laéthibh Lot; do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag plantugheadh, ag tógbhail tighthe;

29. Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile.

30. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine.

31. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna.

32. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot.

33. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.

34. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile.

35. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean.

36. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile.

37. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair.