Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tá ár Slánú in Áirithe Dúinn

1. Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost,

2. mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.

3. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid,

4. agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht.

5. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.

6. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine.

7. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin - is ea, b'fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine.

8. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.

9. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?

10. Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t‑athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha?

11. Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t‑athmhuintearas sin anois dúinn.

Íosa agus Ádhamh

12. Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.

13. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann.

14. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.

15. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.

16. Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha.

17. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta.

18. Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin.

19. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.

20. Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,

21. ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna.