Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tá Beatha an Fhíréin faoi Threoir an Spioraid

1. Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,

2. mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis.

3. An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn

4. i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid.

5. Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n‑aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n‑airdsean.

6. Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta.

7. Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é;

8. agus na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh.

9. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é.

10. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta.

11. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.

12. Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir.

13. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.

Clann Dé

14. Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad.

15. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.”

16. Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn;

17. agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

An Dúlra féin ag Súil le Fuascailt

18. Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn.

19. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.

20. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas;

21. mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé.

22. Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.

Ár nDóchas Féin

23. Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn, agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.

24. Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise?

25. Ach ó táimidne ag súil le rud nach bhfeicimid táimid ag feitheamh go foighneach.

26. Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,

27. agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.

28. Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.

29. Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre.

30. Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d'fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé.

Iomann Molta Ghrá Dé

31. Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?

32. Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?

33. Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú?

34. Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?

35. Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin?

36. Mar atá scríofa:“Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae;táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.”

37. Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.

38. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht,

39. an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.