Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ceartbhreithiúnas Dé ar Chách

1. Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.

2. An breithiúnas, áfach, a thugann Dia ar dhaoine a dhéanann a leithéidí sin, tá a fhios againn go mbíonn sé de réir na fírinne.

3. Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n‑éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin á ndéanamh chomh maith leo?

4. Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?

5. Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,

6. a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha.

7. An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;

8. fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid.

9. Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t‑olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith.

10. Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith,

11. mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile.

12. Gach duine dá ndearna peaca gan bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air.

13. Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.

14. Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomhlíonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu.

15. Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar bhíonn siad á chiontú seo nó á chosaint siúd.

16. [Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.

Peacaí na nGiúdach

17. Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;

18. agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n‑aithníonn tú na nithe is fiúntaí;

19. má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill tú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas,

20. gur tú oide na n‑ainbhiosán agus muinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí -

21. tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid?

22. Bíonn tú á rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill?

23. Bíonn tú maíteach as an dlí ach an dtugann tú tarcaisne do Dhia tríd an dlí a bhriseadh?

24. Mar de réir an scrioptúir: “Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.”

25. Is tairbheach é an timpeallghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as.

26. Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n‑áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá?

27. Go deimhin an té atá gan timpeallghearradh na colainne, má chomhlíonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ortsa a bhíonn ag sárú an dlí d'ainneoin cód scríofa agus timpeallghearradh a bheith agat.

28. Mar ní fíorGhiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíorthimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn.

29. Ní hea, ach is é is fíorGhiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíorthimpeallghearradh ann, timpeallghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh.