Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeallghearradh?

2. Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé.

3. Má bhí féin cuid acu mídhílis, an gcuirfidh a mídhílseacht sin dílseacht Dé ar ceal?

4. Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”

5. Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.

6. Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan?

7. Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm?

8. Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t‑olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá a ndaoradh tuillte acu siúd.

Tá Peaca ar Chách Uile

9. Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthusan? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca

10. de réir mar atá scríofa:Níl oiread agus aon fhíréan amháin fágtha;

11. Níl duine ann a bhfuil tuiscint aigená duine a bhfuil lorg aige ar Dhia.

12. Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile.Níl oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith.

13. Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh;caint chealgach a bhíonn ar a dteangaagus nimh nathracha faoina mbeola,

14. agus a mbéal lán d'eascainí agus de bhinb.

15. Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh.

16. Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad,

17. ach bóthar na síochaná ní aithnid dóibh,

18. ná níl eagla Dé os comhair a súl.

19. Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.

20. Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

Fíréantacht Dé á Nochtadh

21. Anois, áfach, tá fíréantacht Dé arna nochtadh gan spleáchas leis an dlí ach go bhfuil an dlí agus na fáithe ina bhfianaise uirthi.

22. Trí chreideamh in Íosa Críost téann an fhíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann,

23. mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóire Dé;

24. fíréanaítear in aisce lena ghrásta iad de bharr na fuascailte atá in Íosa Críost,

25. an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta;

26. agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige.

Feidhm an Chreidimh

27. Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n‑oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh.

28. Mar is é ár mbreith gur trí chreideamh a fhíréanaítear duine gan spleáchas d'oibreacha an dlí.

29. Nó an leis na Giúdaigh amháin Dia? Nach leis na págánaigh chomh maith é? Go deimhin is leis na págánaigh chomh maith é,

30. mar níl ann ach an t‑aon Dia amháin agus fíréanóidh sé an mhuintir thimpeallghearrtha mar gheall ar a gcreideamh agus an mhuintir gan timpeallghearradh trína gcreideamh chomh maith.

31. An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.