Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Coireanna Shíomóin

1. Síomón, an té a luamar cheana a sceith ar an gciste [agus ar] a mhuintir féin, rinne sé tromaíocht ar Oinias á rá gurbh eisean a rinne Héiliodóras a ghriogadh agus gurbh é faoi deara na tubaistí iontacha.

2. Bhí sé de dhánaíocht i Síomón anois an fear seo a chuir an oiread sin comaoin ar an gcathair, a chosain a mhuintir féin, a bhí díograiseach ar son an dlí, a ainmniú mar namhaid don mhaith choiteann.

3. Mhéadaigh ar an naimhdeas seo chomh mór sin go raibh fiú dúnmharaithe á ndéanamh ag duine de ghníomhairí Shíomóin.

4. Thuig Oinias a mhailísí a bhí an t‑aighneas seo agus go raibh Apollóinias mac Mhineastaes, ceannasaí Choíle Síre agus na Féinícia, ag cur le hurchóid Shíomóin.

5. D'imigh sé leis ar thuairisc an rí dá bhrí sin, ach ní d'fhonn a mhuintir féin a ghearán ach ar mhaithe leis an bpobal ar fad go poiblí agus go príobháideach.

6. Mar tuigeadh dó, gan an rí a chur ladair sa ghnó, nárbh fhéidir nithe a riar go síochánta go deo agus nach scoirfeadh Síomón dá bhaois.

Iásón ag Heilléanú a Mhuintire

7. Tar éis bháis do Sheiliúcas agus Aintíochas ar a dtugtaí Eipifeanaes a theacht i gcomharbacht air sa ríocht, fuair Iásón, deartháir Oinias, an ardsagartacht trí chaimiléireacht;

8. chuaigh sé i láthair an rí agus gheall sé trí chéad agus a seasca tallann airgid dó agus ochtó tallann as foinse éigin eile ioncaim.

9. Gheall sé ina theanntasan go ndíolfadh sé céad go leith eile dá gceadófaí dó feidhm a bhaint as a údarás le giomnáisiam agus gasra ógra a bhunú, agus fir Iarúsailéim a chlárú mar Aintíochaigh.

10. Nuair a d'aontaigh an rí agus gur tháinig [Iásón] i gcumhacht, chrom sé ar a chomhthírigh a thabhairt isteach ar an modh beatha Heilléanach.

11. Chuir sé ar ceal na lámháltais a bhí ag na Giúdaigh ag an am ón rí, lámhaltais a deonaíodh trí Eoin mac Eopolamos, fear a chuaigh ar thoscaireacht le cairdeas agus conradh a dhéanamh leis na Rómhánaigh; scrios sé an bhéascna dhleathach agus thug sé isteach nósanna nua a bhí bunoscionn leis an dlí.

12. Ní raibh aon mhoill air fiú giomnáisiam a thógáil faoi bhun an Dúnfoirt agus an hata leathan a chur á chaitheamh ag togha na n‑ógánach.

13. Níorbh aon ardsagart é Iásón ach coirpeach, agus ní raibh aon teorainn lena ropaireacht, i dtreo go ndeachaigh an heilléanú agus an aithris ar bhéasa iasachta chomh fada sin,

14. nach raibh spéis a thuilleadh ag na sagairt i seirbhísí na haltóra. Le beagmheas ar an sanctóir, thug siad cúl leis na híobairtí le fonn a bheith páirteach sna cleachtaí mídhleathacha ar fhaiche na hiomrascála a luaithe is a ghlaoití chun an dioscais.

15. Ba bheag é a meas ar na gradaim ar a raibh urraim ag a sinsir, ach bhí ardmheas acu ar chéimeanna onóra na Heilléanach.

16. Ach thug sé sin go léir an tubaiste sa mhullach orthu, agus an dream a raibh an oiread sin meas acu ar a mbéasa is ar a saol, agus gurbh fhonn leo aithris a dhéanamh orthu i ngach slí, is iad a bhí acu mar naimhde agus mar ghéarleantóirí.

17. Óir ní aon dóichín é na dlíthe diaga a mhaslú, rud a nochtfaidh an ré atá romhainn.

18. Le linn na gcluichí cúig bliana sa Tuír, agus an rí i láthair,

19. chuir Iásón suarach saoránaigh Aintíochaigh thofa mar thoscairí oifigiúla ó Iarúsailéim, le trí chéad drachma airgid don íobairt do Earcail. Ach an mhuintir a bhí ag iompar an airgid, shíl siad nár chóir é a chaitheamh ar an íobairt, rud nár chuí, ach é a chaitheamh ar ghnó éigin eile.

20. An t‑airgead seo dá bhrí sin a bhí ar aigne ag an té a sheol é a chaitheamh leis an íobairt d'Earcail, cuireadh ansin le tógail tríréimí é mar a bheartaigh an mhuintir a rinne é a iompar.

21. Nuair a cuireadh Apollóinias mac Mhineastaes go dtí an Éigipt le bheith i láthair ag corónú an rí Fiolomaetór, fuair Aintíochas amach go raibh [Fiolomaetór] éirithe naimhdeach lena cheannas agus chrom sé ar a bheith ag déanamh cúraim dá shlándáil féin. Ar shroicheadh Iopa dó, dá bhrí sin, ghabh sé ar aghaidh go Iarúsailéim.

22. Chuir Iásón agus an chathair fáilte spleodrach roimhe agus glacadh leis le solas lóchrann agus gártha daoine. Ansin ghluais sé ón áit sin isteach i bhFéinícia.

Meanalás ina Ardsagart

23. Tar éis trí bliana chuir Iásón uaidh Meanalás, deartháir do Shíomón a luamar, chun an t‑airgead a thabhairt don rí agus a shocruithe faoina lán nithe tábhachtacha a ráthú.

24. Ach nuair a tugadh eisean i láthair an rí rinne sé é féin a iompar chomh bladarach móréiseach cumhacht sin, gur bhain sé amach an ardsagartacht dó féin, agus trí chéad tallann airgid de bhreis á ofráil aige thar mar a bhí ag Iásón.

25. D'fhill seisean agus údarás an rí aige, ach gan aon cháilíocht le haghaidh na hardsagartachta aige, ach drochmhianach tíoránaigh chruálaigh agus cuthach ainmhí allta.

26. Iásón, fear a chantáil ar a dheartháir, chantáil fear eile anois air féin, agus tiomáineadh mar dhíbeartach é isteach i gcríocha Amón.

27. Maidir le Meanalás, d'fhan sé san oifig, ach níor dhíol sé aon chuid den airgead a gealladh don rí go rialta,

28. cé go mbíodh Sóstrátas, ceann feadhna an Dúnfoirt, arbh é a chúram na dleachta a bhailiú, ag éileamh díolacháin. Glaodh orthu araon dá bharrsan i láthair an rí.

29. D'fhág Meanalás a dheartháir féin Lisimeachas ina dhiaidh mar leas-ardsagart, agus d'fhág Sóstrátas Crátaes ceannaire na gCipireach ina áit sin.

Marú Oinias

30. Fad a bhí na nithe sin go léir ar siúl, rinne muintir Thairsís agus Mhallas ceannairc mar gur tugadh a gcathracha mar bhronntanas do Aintíochais bean luí an rí.

31. D'imigh an rí leis faoi dheifir chun an scéal a leigheas, agus d'fhág sé Andronacas, fear ardghradaim, le bheith mar fhear ionaid aige.

32. Thapaigh Meanalás ar a dheis, mar a shíl sé, agus ghoid sé cuid d'árais óir an Teampaill agus bhronn sé ar Andronacas iad; agus dhíol sé a thuilleadh leis an Tuír agus leis na cathracha máguaird.

33. Nuair a fuair Oinias fianaise chinnte ar an méid sin, chuaigh sé i leataobh go tearmann láimh le Dafnae i gcóngar Aintíoch agus ansin d'fhógair sé an scéal don saol mór.

34. Ghlaoigh Meanalás i leataobh ar Andronacas dá bhrí sin agus ghriog é chun Oinias a chur chun báis. Chuaigh [Andronacas] go hOinias, agus le barr fill thug briathra móide agus a lámh dheas mar ghealltanas dó agus d'áitigh air teacht as a thearmann d'ainneoin a amhrais; ansin chuir sé chun báis ar an toirt é, gan aird ar an gcóir.

35. Dá bharrsan bhí uafás agus míshásamh ní amháin ar na Giúdaigh ach ar a lán de na náisiún eile chomh maith de bharr bású éagórach an duine seo.

36. Nuair a d'fhill an rí ó chríocha na Siléise rinne na Giúdaigh sa chathair, agus na Gréagaigh ar chomghráin leo an choir, achainí air faoi mharú gan chiall Oinias.

37. Bhí buaireamh croí ar Aintíochas agus é lán de thrua agus ghoil sé de bharr mheasarthacht agus dhea-iompar an mhairbh.

38. Tháinig cuthach feirge air, bhain an fhallaing chorcra d'Andronacas, srac de a éide, agus sheol ar fud na cathrach go léir é chun na háite céanna díreach inar leag sé lámh dhearg aindiagaithe ar Oinias agus mharaigh sé an dúnmharathóir ansiúd. Ar an gcuma sin chúitigh an Tiarna é leis an bpionós a bhí tuillte aige.

Básaítear Lisimeachas i gCeannairc -- Scaoiltear le Meanalás

39. Bhí a lán coireanna diamhaslacha déanta sa chathair ag Lisimeachas le cúlchead Mheanalás, agus nuair a leath faisnéis fúthu i measc na ndaoine, d'éirigh an pobal amach in aghaidh Lisimeachas, mar bhí mórán de na hárais óir goidte cheana féin aige.

40. Bhí an slua ag bagairt agus ag borradh le fearg agus chuir Lisimeachas airm i lámha timpeall trí mhíle fear agus rinne ionsaí éagórach faoi cheannas Auranas áirithe, fear a bhí anonn sa bhaois faoi mar a bhí san aois.

41. Nuair a thug [na Giúdaigh] ionsaí Lisimeachas faoi deara, rug cuid acu ar chlocha, a thuilleadh ar bhloic adhmaid, a thuilleadh ar luaithreach a bhí timpeall agus chaith na nithe sin go léir le Lisimeachas agus a chuid fear ina rúille búille.

42. B'í críoch a bhí leis sin ná gur ghoineadar a lán acu, gur mharaíodar a thuilleadh, agus gur chuireadar an teitheadh orthu go léir, agus gur mharaíodar creachaire an Teampaill féin lámh leis an gciste.

43. Cuireadh an dlí ar Mheanalás i dtaobh na heachtra seo.

44. Nuair a tháinig an rí chun na Tuíre, chuir triúr, a sheol an seanad, an cás in iúl ina láthair.

45. Bhí a chás caillte geall leis ag Meanalás cheana féin, ach gheall sé breab mhór do Ptoilimí mac Dhoiriminéas, leis an rí a mhealladh ar a thaobh.

46. Thug Ptoilimí an rí i leataobh faoi cholúnra, ag lorg aeir, mar dhea, agus d'áitigh air a aigne a athrú.

47. Meanalás, cúis an oilc seo go léir, lig sé saor é ó na cúiseanna a bhí á gcur ina leith; ach na hainniseoirí mí-ámharacha a scaoilfí saor gan daoradh fiú dá mba i láthair na Scíotach a bheadh a gcúis á plé, dhaor sé chun báis iad.

48. Ba ghearr an mhoill a bhí ann ag cur an phionóis éagóraigh sin i bhfeidhm ar an muintir a chosain cúis na cathrach, na tuaithe, agus na soithí naofa.

49. D'adhain an choir a leithéid sin de ghráin i gcroí na dTuíreach gur chaith siad go fial lena dtórramh.

50. Ach de bharr saint an lucht údaráis d'fhan Meanalás i gceannas, ag dul chun cinn i gcoirpeacht agus é bunaithe mar phríomhchealgaire in aghaidh a chomhshaoránach.