Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bású Seachtar Deartháireacha

1. Tharla gur gabhadh seachtar deartháireacha mar aon lena máthair. Rinne an rí iarracht a chur d'iallach orthu muiceoil a bhlaiseadh, rud atá coiscthe sa dlí. Céasadh le fuipeanna agus le sciúirsí iad.

2. Labhair duine acu thar ceann na ndaoine eile agus is é a dúirt sé: “Cad atá tú ag iarraidh a fháil amach uainn? Is fearr linn an bás ná dlíthe ár sinsear a bhriseadh.”

3. Tháinig fraoch feirge ar an rí agus d'ordaigh sé potaí agus coirí a théamh ar thine.

4. Téadh iadsan deargthe gan mhoill, agus ansin d'ordaigh sé teanga an urlabhraí a ghearradh as, a cheann a fheannadh, a ghéaga agus a chosa a ghearradh de os comhair súile a dheartháireacha eile agus a mháthar.

5. Nuair a bhí sé ar éidreoir amach is amach, d'ordaigh an rí é a bhreith chun na tine, agus an dé fós ann, agus é a róstadh i bpota. Leath an gal ón bpota ar fud an bhaill, ach bhí an mháthair agus na deartháireacha ag tabhairt misneach dá chéile bás a fháil go huasal agus á rá le chéile:

6. “Tá an Tiarna Dia ag faire orainn, agus tá trua aige dúinn go cinnte faoi mar a d'fhógair Maois ina laoi inar thug sé fianaise in aghaidh an phobail suas lena mbéal á rá: ‘beidh trua aige dá shearbhóntaí’.”

7. Nuair a bhí slán fágtha ag an gcéad deartháir leis an saol seo ar an gcuma sin, thug siad an dara duine díobh ar aghaidh le bheith mar sheó acu. Nuair a bhí idir chraiceann agus ghruaig stollta dá cheann acu, d'fhiafraíodar de: “An íosfaidh tú sula stolltar do chorp ó chéile géag ar ghéag?”

8. D'fhreagair sé i dteanga a shinsear: “Ní dhéanfaidh mé.” Imríodh céasadh air dá bhrí sin dála an chéad dearthár.

9. Nuair a bhí sé ar an dé deiridh, scairt sé amach: “A scraiste bhrúidiúil, tig leat an bheatha seo a bhaint dínn, ach tógfaidh Rí an Domhain chun na nuabheatha síoraí sinn, óir is ar son a dhlíthe atáimid dár gcur chun báis.”

10. I ndiaidh an duine sin chuaigh siad go sultmhar i mbun an tríú deartháir. Nuair a iarradh air a theanga a chur amach, chuir sé amach láithreach í, agus shín sé amach a lámha go dána

11. á rá go huasal: “Ó neamh a fuair mé na géaga seo; ar son a dhlíthe is beag é mo mheas orthu; tá dóchas agam go bhfaighidh mé ar ais uaidh athuair iad.”

12. Bhain, dá bhrí sin, misneach an fhir óig agus a neamhshuim sa phionós stangadh as an rí agus a lucht freastail.

13. Nuair a bhí seisean marbh chomh maith, thug siad an céasadh brúidiúil céanna ar an gceathrú deartháir.

14. Nuair a bhí an bás ag teannadh leis labhair sé mar leanas: “Is fearr de rogha an bás a fhulaingt ó lámha daoine ach le muinín as gealltanas Dé go dtabharfadh seisean aiséirí dúinn; ach níl aon aiséirí chun na beatha i ndán daoibhse.”

15. Ansin thug siad an cúigiú duine i láthair agus chrom ar é a chéasadh.

16. Ach d'fhéach seisean ar [an rí] agus dúirt: “Tá cumhacht agat ar dhaoine, agus, cé gur daonna thú, is féidir duit déanamh mar is áil leat. Ach ná bí á mheas gur thréig Dia ár gcine.

17. Lean ort agus feicfidh tú conas mar a chéasfaidh a chumhacht thréan thú féin agus do shíol.”

18. I ndiaidh an duine sin thug siad an séú duine i láthair. Nuair a bhí sé ar tí báis dúirt sé: “Ná cuir dallamullóg ort féin; tá na nithe seo á bhfulaingt againne de bharr ár bpeacaí in aghaidh ár nDé; is uafásach iad na nithe a tharla.

19. Ach ná bíse á mheas go rachaidh tú slán gan phionós de bhrí go ndearna tú iarracht ar chogadh a chur ar Dhia!”

20. Chruthaigh an mháthair ar fheabhas, agus tuilleann sí go mbeadh buanchuimhne uirthi, óir d'fhair sí bás a seachtar mac i gcaitheamh an aon lae amháin, agus d'fhulaing sí é sin go calma, mar gheall ar an dóchas a chuir sí sa Tiarna.

21. Leoga, is amhlaidh a mhisnigh sí gach duine acu i dteanga a sinsear. Bhí creideamh daingean uasal aici, agus bhí an chalmacht is dual don fhear mar thaca leis an stuaim is dual don bhean nuair a dúirt sí leo:

22. “Ní eol dom conas a tharla i mo bhroinn sibh; ní mise a chuir anam agus beatha ionaibh ná ní mise a chum gach ball de bhur gcorp.

23. Is é cruthaitheoir an domhain a leag amach conas a thiocfadh duine ar an saol; eisean a bheartaigh tús an uile ní; ina thrócaire tabharfaidh sé anam agus beatha ar ais daoibh, ó tharla gur beag libh sibh féin mar gheall ar a dhlíthe.”

24. Mheas Aintíochas go raibh sí ag fonóid faoi; bhí sé in amhras go raibh masla i dtuin a gutha. Ó tharla an deartháir ab óige a bheith beo fós, d'impigh sé air, ní amháin le briathra ach le gealltanais a mhionnaigh sé, á rá go ndéanfadh sé saibhir sona é dá dtréigfeadh sé nósanna a shinsear; dhéanfadh sé cara dó féin de agus bhronnfadh sé post poiblí air.

25. Níor thug an t‑ógfhear aird ar bith air, agus, dá bhrí sin, ghlaoigh an rí chuige ar a mháthair ansin agus d'iarr uirthi comhairle a thabhairt don ógánach é féin a fhuascailt.

26. Tar éis dó bheith á áiteamh uirthi ar feadh i bhfad, thoiligh sí comhairle a chur ar a mac.

27. Chrom sí anuas air agus bhuail sí bob ar an tíoránach dánartha leis na focail seo i dteanga a sinsear: “A mhic, bíodh trua agat dom; d'iompair mé naoi mí i mo bhroinn thú, agus thug mé bainne cíche duit ar feadh trí bliana; bheathaigh mé agus d'oil mé thú go dtí an aois atá agat anois agus rinne mé cúram díot.

28. Impím ort, a leanbh liom, féach ar neamh agus ar talamh; machnaigh ar a bhfuil iontu agus admhaigh nach ndearna Dia iad as aon ní a bhí ann cheana agus gur sa dóigh chéanna a thagann an cine daonna ar an saol.

29. Ná bíodh faitíos ort roimh an gcéastúnach seo, ach cruthaigh go bhfuil tú ar aon chéim le do dheartháireacha, agus cuir fáilte roimh an mbás ionas go bhfaighidh mé ar ais thú, lá na trócaire, i gcuideachta do dheartháireacha.”

30. Sula raibh deireadh ráite aici, dúirt an t‑ogfhear: “Cad leis a bhfuil sibh ag feitheamh? Ní ghéillfidh mé do reacht an rí; umhlaím don reacht atá sa dlí a tugadh dár sinsir trí Mhaois.

31. Maidir leatsa, a dhuine a bheartaigh gach cineál oilc in aghaidh na nGiúdach, is cinnte nach n‑éalóidh tú ó láimh Dé.

32. Óir táimidne ag fulaingt de bharr ár bpeacaí;

33. agus fág go bhfuil ár dTiarna beo i bhfearg linn ar feadh tamaill bhig, d'fhonn sinn a cheartú, agus a smachtú, beidh sé muinteartha arís lena shearbhóntaí féin.

34. Ach tusa, a ropaire smáil, a dhíogha an chine dhaonna ar choirpeacht, ná bíodh éirí in airde baoth ort, agus ná bíodh muinín gan bhonn mar chúis misnigh agat, nuair a ardaíonn tú do lámh in aghaidh chlann neimhe.

35. Níor tháinig tú slán fós ó bhreithiúnas Dé uilechumhachtaigh a fheiceann gach ní.

36. Tá ár ndeartháireacha anois [ag ól] as sruthán na beatha gan díosc de réir chonradh Dé agus a dtéarma gairid péine curtha díobh acu. Ach tusa, cuirfear pionós cóir ort ar son do dhíomais trí bhreithiúnas Dé.

37. Déanaimse ar aon dul le mo dheartháireacha mo chorp agus m'anam a thabhairt suas ar son dlíthe mo shinsear, á impí ar Dhia trócaire a thaispeáint dár náisiún go luath, agus a chur d'iallach ortsa, trí thubaistí agus trí phlánna a admháil gurb eisean amháin is Dia ann;

38. agus fearg an Uilechumhachtaigh atá ag luí le barr cirt ar ár náisiún go léir a chur chun suain tríomsa agus trí mo dheartháireacha.”

39. Tháinig racht feirge ar an rí agus thug sé cor níos cruálaí air seo ná ar an gcuid eile mar go raibh an drochmheas go léir a chaith sé leis á chrá.

40. Fuair sé bás mar sin gan smál, agus é lán de mhuinín as an Tiarna.

41. Fuair an mháthair bás ar deireadh thiar i ndiaidh a mac.

42. Is leor sin anois faoi ithe íobairtí agus faoi chéasadh thar fóir.