Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bhoth, an Áirc, an Altóir i bhFolach

1. Tá sé le fáil sna cáipéisí gur ordaigh Irimia don mhuintir a bhí á ndíbirt cuid den tine a bhreith leo mar atá ráite,

2. agus tar éis dó an dlí a thabhairt dóibh, gur ordaigh seisean, an fáidh, dóibh gan dearmad a dhéanamh ar aitheanta an Tiarna agus gan dul ar seachrán aigne nuair a d'fheicfidís na dealbha óir agus airgid agus a maise.

3. Thug sé gríosadh dóibh gan an dlí a lígean ar fán óna gcroí agus treoracha eile nach é.

4. Tá sé ar phár chomh maith go bhfuair an fáidh rabhadh ó oracal agus gur thug sé ordú an bhoth agus an áirc a sheoladh leis agus go ndeachaigh sé suas ar an gcnoc mar a ndeachaigh Maois agus go bhfaca sé oidhreacht Dé.

5. Nuair a tháinig sé ansiúd fuair sé pluais chónaithe ann, agus thug sé isteach inti an bhoth, an áirc, agus altóir na túise agus ansin dhún sé an béal go daingean.

6. Tháinig cuid dá lucht leanúna aníos chun an tslí a mharcáil, ach chuaigh díobh í a fháil.

7. Nuair a chuala Irimia ina thaobhsan, rinne sé ceartú orthu agus dúirt: “Ní bheidh fios na háite ag an duine nó go mbaileoidh Dia a phobal le chéile arís agus a thrócaire a thaispeáint [dóibh].

8. Ansin déanfaidh an Tiarna na nithe sin go léir a fhoilsiú agus feicfear glóir an Tiarna agus an néal faoi mar a thaibhsigh le linn Mhaois, agus nuair a ghuigh Solamh go ndéanfaí an áit a naomhú go héachtach.”

9. Cuireadh in iúl freisin gur ofráil Solamh le barr gaoise íobairt choisricthe agus chríochnaithe an Teampaill.

10. Faoi mar a ghuigh Maois chun Dé agus gur tháinig tine anuas ó neamh, agus gur dhóigh sí na híobairtí, ghuigh Solamh sa tslí chéanna agus tháinig tine anuas agus loisc sí na híobairtí dóite ar fad.

11. Dúirt Maois: “De bhrí nár itheadh an íobairt pheaca is ea rinneadh í a ídiú.”

12. Cheiliúir Solamh an fhéile ar an tslí chéanna ar feadh ocht lá.

Leabharlann Nihimiá: Cuireadh

13. Cuireadh na nithe céanna ar phár sna hannála agus i gcuimhní cinn Nihimiá, agus gur bhunaigh sé leabharlann, agus go ndearna sé bailiúchán de na leabhair faoi na ríthe agus na fáithe, de scríbhinní Dháiví agus de litreacha na ríthe faoi ofrálacha móideacha.

14. Rinne Iúdás ar an gcuma chéanna bailiúchán de na leabhair a bhí scaipthe de bharr an chogaidh dhéanaigh a tháinig orainn, agus tá siad anois inár seilbh.

15. Má tá aon chuid díobh de dhíth oraibh, cuirigí daoine chugainn le cóipeanna díobh a fháil daoibh.

16. Táimid ag scríobh chugaibh dá bhrí sin agus sinn ar tí féile an íonghlanta a chomóradh; déanaigí, le bhur dtoil, na laethanta sin a chomóradh.

17. Is é Dia a d'fhuascail a phobal go léir agus a thug ar ais do chách an oidhreacht agus an flaitheas, agus an tsagartacht, agus an naofacht,

18. faoi mar a gheall sé tríd an dlí. Óir tá sé de mhuinín againn i nDia go ndéanfaidh sé trócaire orainn gan mhoill, agus go gcruinneoidh sé sinn ó gach áit faoin spéir isteach san áit naofa, mar d'fhuascail sé sinn as ainnisí móra agus d'íonghlan sé an Teampall.

Réamhrá an Tiomsaitheora

19. Scéal Iúdáis Mhacabaeigh agus a dheartháireacha, íonghlanadh an Teampaill mhóir, coisreacan na haltóra,

20. na cogaí in aghaidh Aintíochas Eipifeanaes agus a mhic Eopatór,

21. na taispeántais a tugadh ó neamh le misneach a thabhairt don mhuintir a bhí ag troid go cróga ar son an Ghiúdachais i dtreo, dá laghad é a líon, gur ghabh siad an tír ar fad agus gur chuir siad an teitheadh ar shluaite na ngintlithe,

22. gur ghnóthaigh siad ar ais an Teampall atá faoi chlú ar fud an domhain, gur shaor siad an chathair, gur athnuaigh siad na dlíthe a bhí ar tí a gcur ar ceal, agus an Tiarna go fabhrach dóibh le barr cneastachta -

23. déanfaimid iarracht ar an méid sin go léir a insint go hachomair in aon leabhar amháin cé go bhfuil sé inste i gcúig leabhar ag Iásón ó Chiréiné.

24. Toisc an raidhse figiúirí agus an deacracht a bhaineann leis don mhuintir ar mian leo dul i ngleic le cáipéisí staire de bharr iomadúlacht an ábhair,

25. bhí sé d'aidhm againn taitneamh a thabhairt don mhuintir nach bhfuil uathu ach ábhar léitheoireachta, áis a dhéanamh don dream ar mian leo nithe a chur de ghlanmheabhair, agus comaoin a chur ar ár lucht léite go léir.

26. Níorbh aon obair gan dua ach saothar allais agus beagshuain dúinne an coimriú seo a ghabhamar orainn féin,

27. faoi mar nach aon dóichín é do dhuine fleá a ullmhú agus freastal ar mhianta gach duine. D'fhonn buíochas mórán a thuilleamh, áfach, táimid sásta an saothar guaisiúil seo a ghabháil orainn féin;

28. fágaimid cruinneas na mionseoraí faoin staraí, agus déanfaimid ár ndícheall na himlínte a dhearadh san achoimre seo.

29. Bíonn ailtire tí nua freagrach san fhoirgneamh ina iomláine, ach an té a bhíonn i bhfeighil a phéinteála agus a mhaisithe, ní gá dó ach cúram a dhéanamh de cad a d'oirfeadh dá mhaisiú; is é an dála céanna againne é i mo thuairimse.

30. Is é gnó an staraí bhunaidh an t‑ábhar go léir a thógáil idir lámha, nithe a iniúchadh ó gach taobh, agus cúram a dhéanamh de na mionsonraí.

31. Ach an té a dhéanann athchóiriú ar an scéal ní miste dó féachaint le bheith achomair ina insint agus tráchtaireacht chaolchúiseach a sheachaint.

32. Cuirimis tús lenár n‑insint anois dá bhrí sin, gan breis a chur lena bhfuil ráite, mar is baoth an gnó é fad a chur le réamhrá na staire, agus an stair féin a ghiorrú.