Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iúdás Macabaech

1. Ghabh Iúdás, ar a dtugtaí freisin an Macabaech, agus a chompánaigh isteach sna sráidbhailte os íseal agus ghlaoigh a muintir le chéile; ghlacadar leis na daoine a d'fhan dílis don Ghiúdachas, agus chruinnigh siad ar an gcuma sin timpeall sé mhíle fear.

2. D'impigh siad ar an Tiarna féachaint le trócaire ar an muintir a bhí faoi leatrom ó gach taobh, agus trócaire a dhéanamh ar an Teampall a thruailligh lucht na haindiagachta,

3. agus trua a bheith aige don chathair a bhí á scriosadh agus ar tí a scartála ó bhonn, agus cluas a thabhairt don fhuil a bhí ag glaoch os ard chuige,

4. agus gan dearmad a dhéanamh ar na naíonáin gan chiontacht a bhí á n‑ídiú go coirpeach, ná ar na diamhaslaí a rinneadh in aghaidh a ainm, agus a fhuath don olc a fhógairt don saol.

5. A luaithe a bhí a arm eagraithe ag an Macabaech níorbh fhéidir do na págánaigh an fód a sheasamh ina aghaidh, mar bhí trócaire in áit feirge ar an Tiarna.

6. Thugadh sé fogha gan choinne faoi chathracha agus faoi shráidbhailte agus chuireadh trí thine iad. Ghabh sé láithreacha feiliúnacha agus bhris sé ar dhíormaí iomadúla dá naimhde;

7. bhíodh na hoícheanta go háirithe áisiúil d'ionsaithe den sórt sin. Leath clú a ghaisce i ngach treo.

8. Nuair a chonaic Pilib go raibh Iúdás ag dul chun cinn de réir a chéile agus ag fáil bua níos minice ná riamh, scríobh sé chun Ptoilimí, gobharnóir Choíle Síre agus Féinícia, ag lorg cabhrach do chúis an rí.

9. Cheap seisean gan mhoill Niocánór mac Phatroclas, duine de phríomhchairde an rí, i gceannas ar fhórsa idirnáisiúnta de bhreis agus fiche míle de ghintlithe, d'fhonn an cine Giúdach ar fad a scriosadh. Mar pháirtí aige cheap sé Goirgias, ginearál agus fear a raibh seantaithí aige ar chúrsaí cogaidh.

10. Bheartaigh Niocánór go ndéanfadh sé an cháin de dhá mhíle tallann a bhí ag dul do na Rómhánaigh ón rí a bhailiú trí na príosúnaigh Ghiúdacha a ghabhfaí a dhíol mar dhaoráin.

11. Chuir sé scéala ar an toirt go dtí na cathracha ar fheorainn na farraige ag tabhairt cuireadh dóibh daoir Ghiúdacha a cheannach agus á gheallúint go dtabharfadh sé nócha daor ar thallann, gan aon súil aige le breithiúnas an Uilechumhachtaigh a bhí ar a thí.

12. Nuair a fuair Iúdás gaoth an fhocail go raibh Niocánór ar a bhealach, agus gur chuir sé in iúl dá lucht leanúna go raibh an armáil chucu,

13. an mhuintir mheata gan mhuinín as cóir Dé, bhaineadar as na bonna é agus d'imíodar leo.

14. Dhíol an chuid eile a raibh de mhaoin fágtha acu, ag achainí ar an Tiarna san am céanna iad a fhuascailt ó Niocánór na haindiagachta a bhí tar éis iad a dhíol fiú roimh dul i ngleic leo -

15. agus mura ndéanfadh sé amhlaidh ar a son féin é a dhéanamh ar a laghad ar son na gconarthaí a rinneadh lena sinsir agus de bhrí go raibh a ainm naofa oirearc féin á thabhairt aige orthu.

16. Thionóil an Macabaech a chuid fear, timpeall sé mhíle a líon, agus ghríosaigh iad gan scéin a bheith orthu roimh an namhaid, agus gan eagla a bheith orthu roimh an mathshlua de ghintlithe a bhí ag teacht ina gcoinne le teann urchóide, ach cath a thabhairt go calma,

17. agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcoir uaibhreach éagórach a rinne an dream seo in aghaidh na háite naofa, an ciapadh a bhí á dhéanamh ar an gcathair bhocht gan mheas, agus mar bharr air sin, an scrios a bhí á dhéanamh ar an mbéascna dhúchais.

18. “Bíodh a muinín acusan,” a deireadh sé, “as airm agus gníomhartha gaisce, ach tá muinín againne as Dia Uilechumhachtach, a bhfuil sé ar a chumas, le croitheadh dá cheann, an mhuintir atá ag teacht inár gcoinne a leagan ar lár, agus an domhan go léir in éineacht leo.”

19. Chuir sé i gcuimhne dóibh freisin na huaireanta a thángthas i gcabhair ar a sinsir - an uair úd le linn Shanaichéiríb nuair a cailleadh céad ochtó cúig mhíle,

20. agus an t‑am úd sa Bhablóin nuair nach raibh le cath a chur ar na Galataigh ach ocht míle Giúdach agus ceithre mhíle Macadónach; nuair a bhí na Macadónaigh i gcúngrach scrios an t‑ocht mhíle céad agus a fiche míle tríd an gcabhair a fuair siad ó neamh, agus ghabh siad creach thar cuimse.

21. Thug sé misneach dóibh leis na focail sin i dtreo go raibh siad réidh le bás a fháil ar son a ndlíthe agus ar son a dtíre; ansin roinn sé a arm ina cheithre dhíorma,

22. agus chuir sé a dheartháireacha Síomón, Iósaef agus Iónátán i gceannas ar dhíorma an duine, cúig céad déag faoi gach fear díobh.

23. D'ordaigh sé d'[Eisdrias] freisin léamh os ard as an leabhar naofa, agus thug dóibh an focal faire: “Cabhair Dé.” Ansin chuaigh sé féin i gceannas ar an gcéad díorma agus chuir cath ar Niocánór.

24. Leis an Uilechumhachtach mar chomhghuaillí, mharaigh siad breis agus naoi míle dá naimhde agus rinneadar formhór arm Niocánór a ghoineadh nó a leonadh agus chuir siad an teitheadh orthu go léir.

25. Leag siad féin lámh ar airgead lucht a gceannaithe mar dhaoir. Chuaigh siad sa tóir orthu ar feadh tamaill fhada, ach ansin d'fhill siad cheal ama.

26. Ba í oíche na sabóide í agus dá bhrí sin níor lean siad sa tóir orthu.

27. Chruinnigh siad airm a naimhde, bhain a n‑éadáil díobh, agus ansin cheiliúir siad an tsabóid le moladh agus le buíochas don Tiarna a rinne iad a chaomhnú don lá sin agus a bhronn orthu é mar chéad bhlaiseadh a thrócaire.

28. Nuair a bhí an tsabóid thart, thug siad cuid den chreach don mhuintir a céasadh, agus do na baintreacha agus na dílleachtaí, agus roinn siad an chuid eile orthu féin agus ar a gclann.

29. Ar chur sin i gcrích dóibh, ghlac siad páirt in urnaí phoiblí á impí ar Thiarna na trócaire cairdeas iomlán a dhéanamh lena shearbhóntaí.

Bua ar Thiomóid agus ar Bhacaídéas

30. Chuir siad cath freisin ar fhórsaí Thiomóid agus Bhacaídéas, mharaigh siad thar fiche míle díobh, agus fuair seilbh ar roinnt daingean ard. Roinn siad an chreach ábhalmhor ina dhá cuid chothroma, agus thug cuid dóibh féin agus an oiread céanna don mhuintir ar ar imríodh géarleanúint, agus do na dílleachtaí agus do na baintreacha, gan dearmad a dhéanamh ar na seandaoine.

31. Chruinnigh siad airm [an namhad] agus chuir i dtaisce go cáiréiseach iad in áiteanna feiliúnacha. Thugadar an chuid eile den chreach go Iarúsailéim.

32. Mharaíodar captaen gharda Thiomóid, ropaire cruthanta, a raibh a lán urchóide déanta aige do na Giúdaigh.

33. Le linn dóibh a bheith ag ceiliúradh a mbua ina gcathair dhúchais mharaigh siad an dream a chuir na geataí naofa trí thine, Caillistinéas agus dornán eile; bhíodarsan teite isteach i dteach beag; fuaireadar luach saothair cuí ar son a ndiamhasla.

Admháil Niocánór

34. Niocánór na dtrí mallacht, an té úd a thug leis an míle ceannaí chun na Giúdaigh a cheannach,

35. umhlaíodh é le cabhair an Tiarna ag céilí comhraic a mheas sé a bhí ar an dream ba shuaraí; chaith sé de a éide thaibhseach agus chuir chun bealaigh leis féin tríd an dúiche mar a dhéanfadh teifeach daoráin, agus shroich sé Aintíoch le barr áidh agus a arm féin scriosta.

36. Ar an gcuma sin, an fear a gheall go dtabharfadh sé a gcáin do na Rómhánaigh trí na bránna ó Iarúsailéim a ghabháil, bhí sé á fhógairt anois go raibh Cosantóir ag na Giúdaigh, agus dá bhrí sin go raibh na Giúdaigh dochloíte mar go raibh na dlíthe a leag seisean síos á gcomhlíonadh acu.