Tiomna Nua

Gníomhartha 27:13-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Agus nuair a bhí aithleá gaoithe aneas ann, shíl siad go raibh leo, agus thóg siad an t‑ancaire agus sheol siad leo, go dlúth do chladach na Créite.

14. Ach níorbh fhada gur thit mórghaoth anoir aduaidh orthu ó thaobh an talaimh, a dtugtar an tonnghaoth uirthi;

15. agus ó bhí an long gafa aici, gan é inár gcumas a tosach a thiontú léi, b'éigean dúinn imeacht leis an ngaoth.

16. Chuamar ar thaobh an fhoscaidh d'oileáinín a raibh Cauda mar ainm air, agus chuir sé obair mhór orainn an bád a cheangal;

17. agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus d'ísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi.

18. Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige;

19. agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é.

20. Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as.

21. Nuair a bhí tamall fada caite acu gan bhia, tháinig Pól chun tosaigh ina measc, agus ar seisean, “A fheara, ba é bhur gceart éisteacht liom, agus gan dul i bhfarraige ón gCréit agus an chruóg agus an caillteanas sin a thabhairt oraibh féin.

22. Ach deirim libh anois croí a bheith agaibh; mar ní chaillfear aon duine agaibh, ach an long amháin.

23. Mar an oíche seo bhí teachtaire agam, aingeal ón Dia sin ar leis mé agus a bhíos á adhradh agam,

24. agus dúirt sé liom, ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chaesair; agus seo, dheonaigh Dia duit an dream uile go léir atá ar an bhfarraige i do chuideachta.’

25. Bíodh uchtach agaibh mar sin, a fheara, mar tá dóchas as Dia agam go dtarlóidh go díreach mar a insíodh dom.

26. Ach caithfimid rith cladaigh a thabhairt don long ar oileán áirithe.”

27. Mar sin an ceathrú hoíche dhéag dúinn ag imeacht ó thonn go tonn ar fud mhuir Adriad, um mheán oíche bhí barúil ag na mairnéalaigh go rabhthas ag teacht do chomhair talaimh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 27