Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mb'fhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin.