Gníomhartha 27:21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)
Nuair a bhí tamall fada caite acu gan bhia, tháinig Pól chun tosaigh ina measc, agus ar seisean, “A fheara, ba é bhur gceart éisteacht liom, agus gan dul i bhfarraige ón gCréit agus an chruóg agus an caillteanas sin a thabhairt oraibh féin.