17. Arsa Íosa léi, “Ná bí ag breith greama orm, mar táim go fóill gan dul suas chuig an Athair; ach imigh leat chuig mo bhráithre agus abair leo go bhfuilim ag dul suas chuig m'Athair agus chuig bhur nAthairse, chuig mo Dhia-sa agus chuig bhur nDia-sa.”
18. D'imigh Muire Mhaghdaléanach agus dúirt sí leis na deisceabail, “Chonaic mé an Tiarna”; agus d'inis sí dóibh a ndúirt sé léi.
19. Tráthnóna an lae sin, an chéad lá den tseachtain, nuair a bhí na doirse druidte ar an áit a raibh na deisceabail ann, le heagla roimh na Giúdaigh, tháinig Íosa chucu agus sheas sé ina measc, agus dúirt sé leo, “Go raibh an tsíocháin agaibh.”
20. Nuair a bhí an focal sin ráite, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a thaobh. Bhí lúcháir ar na deisceabail ansin faoin Tiarna a fheiceáil.
21. Labhair Íosa leo arís agus dúirt sé, “Go raibh an tsíocháin agaibh. Cuirim uaim sibh mar a chuir an tAthair uaidh mé.”
22. Nuair a bhí na briathra sin ráite aige, shéid sé a anáil fúthu agus dúirt sé, “Gabhaigí an Spiorad Naomh chugaibh.
23. Má mhaitheann sibh a pheacaí d'aon duine, tá siad maite dó; má fhágann sibh air iad, tá a pheacaí air.”
24. Anois ní raibh Tomás leo nuair a tháinig Íosa—an duine den dáréag ar tugadh Didumas, nó leathdhuine cúpla, air.
25. D'inis na deisceabail eile dó, “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach is é a dúirt sé leo, “Mura bhfeicim rian na dtairní ina lámha, agus mura gcuirim mo mhéar isteach san áit a ndeachaigh na tairní, agus mura gcuirim mo lámh isteach ina thaobh, ní chreidfidh mé.”