D'inis na deisceabail eile dó, “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach is é a dúirt sé leo, “Mura bhfeicim rian na dtairní ina lámha, agus mura gcuirim mo mhéar isteach san áit a ndeachaigh na tairní, agus mura gcuirim mo lámh isteach ina thaobh, ní chreidfidh mé.”