Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 18:7-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus ar a nimtheachd dó as sin, do chuáidh sé go tigh dhuine áirighe, dár bhainm Iustus, duine air a raibh eagla Dé, agus agá raibh a thigh láimh ris a tsionagóig.

8. Agus do chreid Crispus, úachdarán ná sinagóige, maille ré luchd a thighe uile, ann sa Tighearna; agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd rís do chreideadar, agus do baisdeadh íad.

9. Agus a dubhairt an Thighearna sa noidhche a dtaidhbhsi ré Pol, Na bíodh eagla ort, achd labhuir, agus na bí ad thochd:

10. Oír atáimsi maille ríot, agus ní thiocfa duine ar bith ort do dhéunamh uile dhuit: óir atá pobal mór agamsa an sa chathraigh so.

11. Agus dfan seisean blíadhuin agus sé mhí, ag teagusg bhréithre Dé na measg.

12. Agus an trath do bhí Gallio na úachdarán a Nachaía do éirgheadar na Iuduidhe déuntoil a naghuidh Phóil, agus rugadar go cathaóir ar bhreitheamhnuis é.

13. Ag rádh, Táirrgidh an fear so lé na bhríathraibh na daoine chum Dé onórughadh, a naghaidh an dlighe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 18