Agus do chreid Crispus, úachdarán ná sinagóige, maille ré luchd a thighe uile, ann sa Tighearna; agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd rís do chreideadar, agus do baisdeadh íad.