4. Agus do níodh sé diosbóireachd sa tsinagóig gach éun lá sábbóide, ionnus gur tharruing sé na Iúduidhe agus na Gréuguidh.
5. Agus mar tháinic Silas agus Timotéus ó Mhacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunamh finné do na Iuduidhibh gur bhé Iósa an Críosd.
6. Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do labhradar blasphéime, ar gcrothadh a éudaigh dhósan, a dubhairt sé ríu, Bíodh bhur bhfuil ar bhur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas rachuidh mé chum na Gcineadhach.
7. Agus ar a nimtheachd dó as sin, do chuáidh sé go tigh dhuine áirighe, dár bhainm Iustus, duine air a raibh eagla Dé, agus agá raibh a thigh láimh ris a tsionagóig.
8. Agus do chreid Crispus, úachdarán ná sinagóige, maille ré luchd a thighe uile, ann sa Tighearna; agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd rís do chreideadar, agus do baisdeadh íad.