Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 5:6-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. “Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”

7. Dúirt Tóibias leis ansin: “Fan liom anseo, a ógánaigh, nó go rachaidh mé isteach chun é seo a insint do m'athair; mar tá tú ag teastáil uaim chun dul in éineacht liom agus, dar ndóigh, tabharfaidh mé luach saothair duit.”

8. “Tá go maith,” d'fhreagair Rafael, “fanfaidh mé leat ach na déan moill.”

9. Chuaigh Tóibias isteach ansin agus d'inis sé an scéal go léir dá athair, á rá: “Táim tar éis Iosraelach a fháil chun dul liom; duine dar lucht gaoil féin is ea é.” “Glaoigh isteach chugam é, a mhic,” arsa a athair leis, “is mian liom a fháil amach cad iad an chlann agus an treibh ar díobh é agus an bhfuil sé iontaofa go leor chun dul leat.” D'imigh Tóibias amach arís ansin agus ghlaoigh sé an fear chuige, á rá: “Is mian le m'athair labhairt leat, a ógánaigh.”

10. Chuaigh Rafael isteach chuige agus bheannaigh Tóibít dó ar dtús. Dúirt Rafael leis, á fhreagairt: “Go maire tú i bhfad faoi lúcháir.” “Cén t‑ábhar lúcháire atá agamsa,” arsa Tóibít leis ansin. “Tá radharc mo shúl caillte agam; ní féidir dom solas na gréine a fheiceáil; is amhlaidh a chaithim mo shaol sa dorchadas ar nós na marbh nach bhfeiceann an solas níos mó. Cé go bhfuil mé beo is i measc na marbh a bhím; cloisim guthanna daoine ach ní fheicim iad.” Dúirt Rafael leis ansin: “Bíodh misneach agat! Tá sé beartaithe ag Dia tú a leigheas tar éis tamaillín eile; bíodh misneach agat!” “Is mian le mo mhac, Tóibias, dul chun na Méide,” arsa Tóibít leis ansin. “An bhféadfá dul in éineacht leis chun é a threorú? Dar ndóigh; a bhráthair, tabharfaidh mé luach saothair duit.” D'fhreagair Rafael é mar a leanas: “Is féidir dom dul leis; is eol dom na bealaí go léir chun na Méide agus is minic a chuaigh mé ann agus a thaistil mé a mánna agus a sléibhte uile. Ní ionadh mar sin gurb eol dom a bealaí go léir.”

11. D'fhiafraigh Tóibít de ansin: “Cad iad an chlann agus an treibh ar díobh thú? Ar mhiste leat é sin a insint dom, a bhráthair?”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 5