“Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”