Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 5:10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Chuaigh Rafael isteach chuige agus bheannaigh Tóibít dó ar dtús. Dúirt Rafael leis, á fhreagairt: “Go maire tú i bhfad faoi lúcháir.” “Cén t‑ábhar lúcháire atá agamsa,” arsa Tóibít leis ansin. “Tá radharc mo shúl caillte agam; ní féidir dom solas na gréine a fheiceáil; is amhlaidh a chaithim mo shaol sa dorchadas ar nós na marbh nach bhfeiceann an solas níos mó. Cé go bhfuil mé beo is i measc na marbh a bhím; cloisim guthanna daoine ach ní fheicim iad.” Dúirt Rafael leis ansin: “Bíodh misneach agat! Tá sé beartaithe ag Dia tú a leigheas tar éis tamaillín eile; bíodh misneach agat!” “Is mian le mo mhac, Tóibias, dul chun na Méide,” arsa Tóibít leis ansin. “An bhféadfá dul in éineacht leis chun é a threorú? Dar ndóigh; a bhráthair, tabharfaidh mé luach saothair duit.” D'fhreagair Rafael é mar a leanas: “Is féidir dom dul leis; is eol dom na bealaí go léir chun na Méide agus is minic a chuaigh mé ann agus a thaistil mé a mánna agus a sléibhte uile. Ní ionadh mar sin gurb eol dom a bealaí go léir.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 5

Féach ar Tóibít 5:10 i gcomhthéacs