Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 5:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin thug Tóibias an freagra seo ar a athair, Tóibít: “Gach ní a d'ordaigh tú dom, a athair, déanfaidh mé é.

2. Ach conas a fhéadfaidh mé an t‑airgead a fháil uaidh agus gan aithne againn ar a chéile? Cén comhartha a thaispeánfaidh mé dó i dtreo go n‑aithneoidh sé mé agus go gcreidfidh sé mé agus go dtabharfaidh sé an t‑airgead dom; rud eile, ní eol dom ach oiread na bóithre a thabharfaidh chun na Méide mé.”

3. Mar fhreagra air sin dúirt Tóibít lena mhac, Tóibias: “Is amhlaidh a chuireamar araon ár n‑ainmneacha le hadmháil fiacha. Rinne mise dhá leath de ansin i dtreo go mbeadh leath amháin an duine againn. Choinnigh mise mo leath féin agus fágadh an leath eile leis an airgead. Agus féach, tá sé fiche bliain anois ó d'fhág mé an t‑airgead sin i dtaisce aige. Anois, a mhic, faigh duine éigin iontaofa le dul in éineacht leat agus tabharfaimid luach a shaothair dó nuair a fhillfidh tú. Imigh leat mar sin agus faigh an t‑airgead ó Ghabael.”

4. D'imigh Tóibias amach ar lorg duine éigin a rachadh chun na Méide in éineacht leis agus a raibh eolas na slí aige. Chomh luath agus a tháinig sé amach fuair sé an t‑aingeal Rafael os a chomhair. Ní raibh a fhios aige, áfach, gurbh aingeal Dé é

5. agus dúirt sé leis: “Cér díobh thú, a ógánaigh?” “Iosraelach is ea mé,” ar seisean leis, “duine de do lucht gaoil féin; is amhlaidh a tháinig mé anseo ag lorg oibre.” “An eol duit an tslí chun na Méide?” d'fhiafraigh Tóibias de.

6. “Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”

7. Dúirt Tóibias leis ansin: “Fan liom anseo, a ógánaigh, nó go rachaidh mé isteach chun é seo a insint do m'athair; mar tá tú ag teastáil uaim chun dul in éineacht liom agus, dar ndóigh, tabharfaidh mé luach saothair duit.”

8. “Tá go maith,” d'fhreagair Rafael, “fanfaidh mé leat ach na déan moill.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 5